Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta Grants.

5.

asked the Minister for the Gaeltacht the number of projects approved for grant-aid by Údarás na Gaeltachta in 1985 which have not yet received grant payment; the percentage decrease by the Department of Finance for grant allocation to Údarás na Gaeltachta in 1986; the number of projects approved so far in 1986; and whether projects approved in 1985 will take up the total announced grant allocation for 1986.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh éilimh ann ar 31 Márta 1986 ar íocaíochtaí i leith 119 dtogra a raibh deontais ceadaithe ina leith, gur cheadaigh an bord 70 togra sa thréimhse trí mhí ó 1 Eanáir 1986 go dtí 31 Márta 1986, agus go mbraitheann íocaíochtaí deontas i 1986 ar líon na dtograí a thiocfaidh chun oibríochta i rith na bliana sin. Suim £4.175 mhilliún atá údaraithe mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil i 1986 i gcomparáid le suim £5.125 mhilliún i 1985.

Cé mhéid tograí atá ceadaithe ag an Údarás, a cheadaíodh i 1985 agus nach bhfuil aon íocaíocht deontais déanta ina leith go fóill?

As an 119 dtogra a dúirt mé a bhí ann, tá sé an-deacair figiúr a fháil den mhéid a bhí ceadaithe roimh dheireadh na bliana seo caite toisc go raibh cuid acu gur tugadh cabhair dóibh cheana. Tá sé an-deacair ag an bpointe seo é sin a dhéanamh ach d'fhéadfainn an t-eolas d'fháil don Teachta. Deirtear liom go mbeadh deacrachtaí faoi leith ag baint le figiúr a thabhairt ag an bpointe seo.

Is aisteach go dtabharfadh an tAire freagra den tsórt sin nuair atá figiúirí a dtabhairt ag na meán-chumarsáidí le roint seachtainí anuas. Níor fhreagair an tAire an chéad chuid de mo cheist. Níl mé sásta ar chor ar bith leis an bhfreagra atá an tAire ag tabhairt mar chuir mé an cheist san cheist Dhála. Creidim go bhfuil deacracht uafásach ag an Údarás faoi láthair mar an deontas caipitil gur as a n-íoctar deontais chuig comhlachtaí a chuireann postanna ar fáil sa Ghaeltacht, tá laghdú mór ar an méid a fuair siad i mbliana thairis an bhliain seo caite agus teastaíonn uaim a fháil amach cé mhéid de na tograí atá ceadaithe do 1985, go háirithe i ndeireadh 1985, nach bhfuair aon deontas fós agus a thógas suas airgead na bliana seo i dtreo nach mbeidh aon airgead de chuid na bliana seo ar fáil do aon togra a cheadófar i mbliana?

Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag an Údarás ó thaobh chaipitil de agus ta an cheist sin á plé agam faoi láthair leis an mbord. Bhí cruinniú agam leo, mar tá a fhios ag an dTeachta. D'fhéadfadh sé tarlú — agus níl anseo ach tuairim — go gcaithfí an t-iomlán ar thograí a cheadaíodh sa bhliain seo caite. Níil an t-eolas sin agam go beacht agus níor mhaith liom dalladh mullóg a chur ar an Teach ach d'fhéadfadh sé tarlú. Braitheann sé ar cén saghas togra atá i gceist agus nuair a bheas léibhéal na ndeontas agus chuile rud eile déanta amach go mb'fhéidir go dtarlódh sé go gcaithfí an t-airgead iomlán ar thograí a cheadaíodh roimh dheireadh na bliana. Mar a deirim tá ceist airgeadais an Údaráis á plé agam faoi láthair agus beidh mé ag dul ar ais ag an mbord agus ag an eagraíocht féin. Tá súil agam amach anseo freagraí a thabhairt agus teacht ar réiteach, más féidir é, ar an gcruachás ina bhfuilid.

Séard tá á rá ag an Aire ná, as an airgead a chuir an Rialtas seo ar fáil do Údarás na Gaeltachta i mbliana, nach gcruthófar aon phost breise a cheadófar i mbliana dá bharr sin mar go ghfuil seans ann nach mbeidh aon airgead fágtha as airgead na bliana seo i gcomhair tograí na bliana seo. An dtuigeann an tAire cé chomh docharach agus chomh timpisteach agus atá sé sin d'Údarás na Gaeltachta agus an é atá i gceist ag an Aire ná go stopfadh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú nuair a thiocfadh sé go dtí lár na bliana agus go mbeadh sé éasca aige féin an eagraíocht a dhúnadh síos. An é sin atá i gceist ar an Aire — dúnadh síos?

Dúirt mé go raibh an seans ann — agus caithfidh mé é á rá arís — go bhféadfadh toscaí áirithe dul i bhfeidhm go gcaithfí an t-airgead ina iomlán. Nílimse ag rá go dtarlóidh sé sin ach d'fhéadfadh sé tarlú agus ní chuile dhuine a dhéarfadh sin ag seasamh ar an dtaobh seo den Teach. Táimse ag rá go bhféadfadh sé tarlú ach níl an t-eolas sin agam. Ní maith liom ach eolas beacht a thabhairt don Teach. Anois, tuigim sin ina iomlán cé hiad na deacrachtaí atá ag cur as don Údarás. Níl sé ar intinn agam — níl a fhios agam cé mhéid uair a chaithfeas mé é seo a rá — an tÚdarás a chur as agus níl mé ag cruthú leithscéal go ndéanfaí é sin agus ná ceapadh an Teachta nó aon Teachta eile sa Teach seo gur b'shin atá ar intinn agam. Mar adeirim, tig leis an Teachta a bheith cinnte go bhfuilimse agus go mbeidh mé ag plé na ceiste seo leis an Údarás agus tá mé cinnte go mbeimid in ann teacht ar réiteach ionnas go mbeidh an tÚdarás ábalta an job atá idir lámha acu a dhéanamh ar an mbealach is fearr do mhuintir na Gaeltachta.

An bhfuil sé i gceíst ag an Aire meamram a chur os comhair an Rialtais ag lorg breis airgid chaipitil d'Údarás na Gaeltachta i dtreo go mbeidh siad in ann an gnó a dhéanamh lenár cuireadh ar bun iad — postanna a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana?

Maidir le hairgead breise a chur ar fáil, tig leis an Teachta a bheith cinnte go mbainfear úsáid as na gnábhealaigh sin.

An n-aontóidh an tAire go bhfuil se deacair ag muintir na Gaeltachta agus ag an Údáras postanna d'fháil agus go bhfuil lag-mhisneach orthu i ngeall air nach bhfuil a fhios acu cen chaoi a bhfuil cúrsaí ag dhul ag tarlú feasta maidir le postanna a chur ar fáil? Níl airgead acu. Tá tograí acu ach níl siad in ann na postanna a chur ar fáil. Níl sé sin sásúil mar ó tharla go bhfuil fostaíocht sna Gaeltachtaí tábhachtach, tá siad i gcaoi anois nach bhfuil a fhios acu céard a dhéanfaidh siad as seo amach. Dá réir sin caithfidh daoine a ghlacadh nach bhfuil an tAire ná an Rialtas sásta lán-tacaíocht a thabhairt don Údarás chun fostaíocht a chur ar fáil.

Tá an Rialtas sásta lán-tacaíocht a thabhairt.

An bhfuil sé fíor go bhfuil 500 postanna ag brath ar chinneadh an Rialtais anois díreach? An bhfuil sé sin fíor?

Fiú 500 postanna ó 1985 leis na cinn eile i 1986?

Agus an mó postanna atá i gceist mar sin?

Bheadh níos mó ná sin ann má chuirtear san áireamh chuile phost atá idir lámha agus a bheas idir lámha ag an Údarás.

Don dá bhliain?

I rith na bliana seo, agus go deimhin postanna a tháinig ar aghaidh ón bhliain seo caite. Is í an cheist a cuireadh an bhfuil 500 post ag brath ar chinneadh an Rialtais faoi lathair. Caithim a rá nach bhfuil.

Tá an tAire ag rá mar sin más rud é gur chuir sé an t-airgead ar fáil amaireach nach mbéadh 500 postanna eile annsin ag muintir na Gaeltachta? An cheist a chuir mé ná, más rud é gur chinn an Rialtas an t-airgead a chur ar fáil atá á lorg ag na Teachtaí annseo nach mbeadh 500 postanna annsin ag teacht faoi réim Údarás na Gaeltachta?

Níl sé sin fíor.

Sin é an scéal atá ag muintir na Gaeltachta.

Top
Share