Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta le dul chun cinn na gcomharchumann i gcúrsaí forbartha sna Gaeltachtaí agus an n-aontódh sé go bhfuil ganntanas airgid ag cur isteach ar a gcuid oibre.

Tá obair fhorbartha nach beag déanta ag cuid mhaith de na comharchumainn Ghaeltachta le cabhair fhial airgid ó mo Roinnse agus ó Údarás na Gaeltachta i ndáil le cúrsaí tionsclaíochta.

Tá teorainn leis an gcabhair Stáit is féidir a chur ar fáil d'aon chuspóir dá fheabhas é agus ní foláir do na comharchumainn a gcuid gníomhaíochtaí a eagrú i slí a fhágfaidh go mbeidh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach leis an ngnáthchabhair Stáit a bhíonn le fáil acu agus le tacaíocht óna gcuid scairshealbhóirí.

An n-aontódh an tAire gurb é an deacracht is mó a bhíonn ag na comharchumainn go leor scaireanna a fháil óna muintir féin mar nach mbíonn an mhaoin acu le airgead a chur ar fáil. Agus go dtarlaíonn sé ansin nach mbíonn siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh mar ba mhaith leo ceal airgid. An n-aontódh sé go bhfuil gá bheith níos fiaile le comharchumainn atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta ná mar a bheifí in áit ar bith eile?

Tá a fhios agam go raibh deacracht le scaireanna a bhailiú. Ní dóigh liom gur deacracht an-mhór é sin. Ar aon nós nílimid ag iarraidh orthu ach tuairim is 10 faoin gcéad a chur ar fáil, is é sin, bíonn £9 deontas le fáil in aghaidh gach punt scair a d'fhéadfaidís a fháil. Glacaim go bhfuil fadhbanna in áiteanna ach nuair a smaoiníonn tú air, tá deontas reachtála á chur ar fáil do na comharchumainn. Tá deontas suas le 8 faoin gcéad á chur ar fáil le haghaidh innealra a cheannach agus le haghaidh foirgneamh a thógáil agus araile. Ní dóigh liom gur mhaith an rud muna n-iarrfaí ar mhuintir na háite a bheith páirteach san iarracht atá á dhéanamh ag na comharchumainn ar a son. Sin e an fáth gur thángthas ar an tuairim go mba cheart go n-iarrfaí scaireanna ar mhuintir na háite. Níl sé sin mar choinníol ar dheontas nó ar dheontas reachtála. Sé an rud a tharlaíonn má leagtar amach suim áirithe le cur ar fáil trí scaireanna agus muna bhfuil sé ar a gcumas an tsuim sin a chur ar fáil gearrtar siar an deontas don méid sin. Is cineál spreagadh é leis an méid iomlán a fháil ón Roinn an rud seo faoi scaireanna a bheith ann. Ní chailleann siad an deontas murar féidir leo é a dhéanamh.

Top
Share