Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon rud leagtha amach aige le polasaí cuimsitheach a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas Údarás na Gaeltachta a gcuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí.

35. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla an Tuarascáil ón gComhchoiste um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Tráchtála ar imeachtaí Údarás na Gaeltachta a bheith anois faoi bhráid an Aire, an inseoidh sé cén uair atá sé i gceist aige cinneadh a dhéanamh maidir leis na moltaí atá sa tuarascáil a chur i bhfeidhm.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 3 agus 35 le chéile.

Is mian liomsa agus leis an Rialtas go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go lán-éifeachtach ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus táim sásta cabhrú leis an eagraíocht chomh fada agus is féidir chun na críche sin. Is le déanaí a foilsíodh an tuarascáil ar an Údarás de chuid an Chomhchoiste den Oireachtas um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Tráchtála. Is tuarascáil chuimsitheach í agus tá na moltaí ann á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair. Ar ndóigh baineann roinnt mhaith de na moltaí leis an Údarás féin agus is ceist don bhord breithniú a dhéanamh orthu, i dtús báire ar aon nós.

An n-aontódh an tAire nach bhfuil sé sásúil an chaoi in a bhfuil cúrsaí san Údarás i láthair na huaire, go bhfuil siad ag fanacht le tamall maith le haghaidh an airgid seo agus go bhfuil sé ráite ag an Aire cúpla uair as a chéile go bhfuil rudaí á bplé, go bhfuil rudaí a gcur i n-ord agus nach dtugann sé sin deis don Údarás pleanáil agus dul ar aghaidh mar ba mhaith leo le postanna a chur ar fáil sna Gaeltachtaí ar fad?

Na ceisteanna sin atá os mo chomhair baineann ceann amháin le polasaí cuimsitheach agus an ceann eile leis an tuarascáil seo. Mar a dúirt mé cheana, tá an rud seo idir lámha faoi láthair go deimhin agus beimid ag teangmháil leis an Údarás go h-an-luath. Maidir leis an gceist anseo, tá an tuarascáil á scrúdú agus ghlacfadh an Teachta agus an Teach uaim go mba cheart cibé cibé moltaí a bheadh ag teacht uaimse a phlé leis an Údarás i dtús báire agus nuair a bheas cinneadh déanta agam ar cén athruithe más ann dó, agus an moladh agamsa amach anseo maidir leis an Údarás, go ndéanfar na hathruithe sin a phlé leis an Údarás fhéin i dtús báire, mar ceapaim gurb iad san na daoine ba chóir a bheith in eolas faoi cén smaointe atá agamsa agus na rudaí ar fad a phlé leo.

Nach n-aontódh an tAire gurb é an rud is tábhachtaí go mbeadh airgead ag an Údarás, go mbeadh a fhios acu nuair a bhéas togra á chur os a gcomhair go mbeadh siad in ann glacadh leis an tionsclaí agus a insint dó go beacht céard a bheadh siad in ann a dhéanamh dó, go bhfuil postanna ag brath air siúd agus nach bhfuil sé go sásúil a bheith á chur ó lá go lá agus beagnach tig leat a rá ó bhliain go bliain maidir le airgead a chur ar fáil?

Ghlacfadh an Teachta uaimse go mbeidh an Roinn i dteangmháil leis an Údarás go h-an-luath.

Is dócha go gcaithfidh mé glacadh leis an rud atá á rá ag an Aire ach an n-aontódh sé nach bhfuil sé sásúil go mbeadh buíon cosúil leis an Údarás atá ag plé le cúrsaí forbartha agus cúrsaí tionsclaíochta ag dul ón lámh go dtí an béal ag iarraidh ar an Roinn nó ar an Aire agus an Rialtas go gcuirfí an t-airgead atá ag teastáil go géar uathu ar fáil? An n-aontódh sé nach bhfuil sé sin sásúil.

Níl siad ag dul ón lámh go dtí an béal. Is ceist í faoi céard tá muintir na tire seo sásta a chur ar fáil i bhfoirm cánach agus tig leat a bheith cinnte agus a glacadh uaim chom maith, go bhfuil chuile iarracht á dhéanamh agamsa a gcuid féin a fháil don Údarás agus déanfar é sin.

An n-aontódh an tAire go bhfuil sé soiléir nach bhfuil a fhios ag an Rialtas cá bhfuil siad ag dul? Bhí siad in ann £2 mhilliún a chur ar fáil anseo i mBaile Átha Cliath le gairid agus dá mbeadh an £2 mhílliun sin ag Údarás na Gaeltachta bheadh siad in ann dul ar aghaidh lena gcuid postanna. An aontódh an tAire nach bhfuil ciall ar bith leis an cineál sin oibre?

Glacaim leis go bpléitear ceisteanna poláitíochta sa Teach seo ach má theastaíonn on Teachta polaitíocht a phlé anseo pléifidh mise leis í.

Top
Share