Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Iompair na nOileán.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige go gcuirfí eagras ar leith ar bun a mbeadh sé de chúram air seirbhísí aeir agus farraige a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán.

Ní bhíonn baint ag mo Roinnse ach le hoileáin Ghaeltachta agus ní léir dom gá a bheith le heagras farantóireachta den saghas a luann an Teachta.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil moladh déanta ag an gcomhchoiste a cuireadh ar bun le scrúdú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta agus obair Údarás na Gaeltachta, go gcuirfí eagras ar leith ar bun le haghaidh cúrsaí farantóireachta agus cúrsaí aeir agus rudaí mar sin a bhaineas leis na hoileáin, agus an bhfuil aon tuairim ag an Aire — nó an bhfuil sé scrúdaithe aige— maidir leis an moladh seo?

Tá a fhios agam go bhfuil an moladh sin ann agus tá a lán moltaí eile ann chomh maith maidir le cén chaoi is fearr leis an rud seo a reachtáil. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an Roinn Cumarsáide agus táimid féin mar Roinn agus tá an tÚdarás ag plé le gnóthaí farantóireachta do na h-oileáin agus go deimhin, bhí an Roinn Cumarsáide ag plé leis seo sul ar bunáiodh Roinn na Gaeltachta, fiú amhain, agus a bhaineann le hOileán Árainn. Ó shin i leith tá Roinn na Gaeltachta, agus an tÚdarás ag teacht isteach níos mó agus níos mó i gcúrsaí farantóireachta agus tá a fhios agam go bhfuil na moltaí seo ar fáil ón gcomhchoiste den Oireachtàs. Mar adúirt mé cheana tá an cheist seo á phlé agus níl cinneadh déanta agam go fóill ar cén chaoi is fearr leis an rud a láimhséail. B'fhéidir go m'fhearr go mbeadh dream amháin ag plé leis seo agus ag deiléail leis, níl a fhios agam, ach faoi láthair tá trí dhream ag plé leis ach nuair a bheas cinneadh déanta faoi na moltaí atá sa tuarascáil beidh mé sásta aon cheist a fhreagairt sa Teach seo.

An n-aontódh an tAire go bhfuil sé tábhachtach do mhuintir na n-oileán go mbeadh seirbhísí ceart curtha ar fáil dóibh, is é sin, ó thaobh seirbhisí farraige agus seirbhísí aeir. Glacaim leis go bhfuil dul chun cinn déanta ach an aontódh sé nach bhfuil sé sásuil, cuirimís i gcás ó thaobh Oileán Árainn, áit arb iad CIE atá i mbun na hoibre ansin, nach bhfuil an dul chun cinn déanta ar mhaithe le muintir na n-oileán a fheiceáil ag dul ar aghaidh. An aontódh sé go bhfuil flúntas san mholadh seo, agus an mbreathnódh sé go géar air i gcaoi go mb'fhéidir go gcuirfí feabhas ar chúrsaí mar atá siad faoi láthair.

Maidir le hOileáin Árainn, mar atá a fhios ag an Teachta tá an tÚdarás ag cur aersheirbhís ar fáil, ag íoc as agus ag cuidiú leis an seirbhís. Anois tá an tAire Cumarsáide faoi láthair ag plé le áis bháid a chur ar fáil ansin agus, mar a deirim, níl cinneadh déanta ar na moltaí agus ní theastaíonn uaim a rá an n-aontaím nó nach n-aontaím leis an moladh mar theastódh é sin a bheith pléite agam agus cinneadh déanta go h-oifigiúil sul a bhféadfainn rud ar bith a rá faoi.

Top
Share