Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Jul 1986

Vol. 368 No. 8

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

133. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta de bharr an ghéarchéim airgeadais in Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire an dtabharfaidh sé eolas don Dáil ar cathain atá beartaithe aige deontais atá gan díol le tionsclóirí le tamall anuas a dhíol, i dtreo is go mbeidh sé ar a gcumas na foirne oibre atá acu a choimeád fostaithe i dtionscail na Gaeltachta.

134. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta de bharr an fíorbheagán fostaíochta breise atá ar fáil ón Údarás i láthair na huaire toisc an easpa airgid atá orthu cad iad na pleananna atá aige chun breis fostaíochta a chur ar fáil sna ceantracha Gaeltachta.

135. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun Údarás na Gaeltachta a airgeadú chun go mbeidh sé ar a gcumas deontais a chur ar fáil arís do thionsclóirí nua a chuirfidh breis postannar ar fáil sna ceantracha Gaeltachta.

136. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun deontais a chur ar fáil arís do thionsclóirí atá sásta tionscail nua a bhunú sna ceantracha Gaeltachta a chuirfeadh breis postanna are fáil sna ceantracha sin.

Tógfaidh mé Ceisteanna 133 go 136 le chéile.

Is eol dom go bhfuil fadhbanna ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair i ndáil le caipiteal vótáilte agus táim ag iarraidh an fhadhb sin a réiteach i dtreo nach gcuirfear bac ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag an eagraíocht chun fostaíocht bhreise a chruthú sa Ghaeltacht. Tá socraithe agam dá réir sin £0.5m breise a chur ar fáil don Údarás i mbliana mar dheontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil (as a n-íoctar deontais) agus tá deis ag an eagraíocht cur leis an tsuim sin trí scaireanna/sócmhainní dá chuid a dhíol. Tá an cheist faoi bhreithniú agam i gcónai.

Top
Share