Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Oct 1986

Vol. 369 No. 1

Written Answers. - Bóithre Dún na nGall.

236. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a cuireadh ar fáil ina Roinn i mbliana chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre áise i nGaeltacht Dhún na nGall; cad iad na bóithre ar a bhfuil an t-airgead le caitheamh; agus an tsuim atá le caitheamh ar gach bóthar.

237. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige aon airgead a chur ar fáil le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar na bóithre ar Oileán Árainn Mhór i nDún na nGall.

Tógfaidh mé Ceist 236 agus Ceist 237 le chéile. Tá cúnamh £60,840 ceadaithe ag mo Roinnse chun na bóithre seo a leanas a fheabhsú nó a dheisiú i gContae Dhún na nGall i mbliana:—

Bóthar

Deontas (£)

1. (A)

Bóthar ceangail idir Bóthar Contae na gCruach (gar don áit a gcríochnaíonn an tarra) agus Bóthar na Dubhchruaiche.

2,660

(B)

Bóthar na Dubhchruaiche ó theach Pheadair Mhic a Luain Uasal go teach Mháire Mhic a Luain Uasal (McLoone).

2. (A)

An Bóthar Portaigh ón mBóthar Contae ag Caiseal na gCorr soir go geataí an tseanbhóthair iarainn agus ansin ar aghaidh tuairim 20 slat eile go bachtaí Mhíchíl Uí Dhónaill Uasal atá ina chónaí ar an mBealtaine.

1,400

(B)

Géag díreach ó dheas ag tarraingt ar an Eargal go bachtaí Sheáin Uí Mhaolchiaráin Uasal, a chónaíonn ar an mBealtaine Íochtarach.

3.

An bóthar portaigh ón gcrois bhealach ag Sliathan go dtí Oifig an Phoist i nGaoth Dobhair.

2,530

4.

Bóthar Portaigh Lagunna a shíneadh 200 slat agus áit tionaithe do tharracóirí a dhéanamh ag a bharr.

5,600

5.

An Bóthar Portaigh ó theach Cháit Mhic Eachmharcaigh Uasal to dtí bachtaí Sheosaimh Mhic Pháidín Uasal (atá ina chonaí in aice le S.N. Dhoire Chonaire) agus daoine eile.

2,400

6.

Bóthar Áise ón mBealach Contae thart os cionn theach Winnie Uí Chealbhaigh Uasal agus thar teach Phádraig Uí Dhónaill Uasal go teach Mhíchíl Uí Dhónaill Uasal.

3,840

7.

Bóthar Áise ón mBóthar Contae ag Léim an Ghadhra ar aghaidh go Mínte Seasc agus ar chlé ansin go dtí cairéal Aodh Uí Ghaibheagáin Uasal i Loch na Luachraman.

5,000

8.

Bóthar Áise ón mBóthar Contae ag Cnoc a Stolaire thar theach Mhánuis Uí Dhómhnaill Uasal go mbuaileann sé leis an mBóthar Contae arís ag teach Nellie Bean Uí Dhochartaigh Uasal.

2,300

9.

An droichead ar an mBóthar Áise go teach Pheadair Uí Bhaoill Uasal, Doire na nGriall, Dubhchorraidh.

7,100

10.

An Bóthar Áise ó Bhóthar Chontae Mhucrois, ag Tamhnaigh, go teach Sheáin Mhic Pháidín Uasal, Tamhnaigh.

3,460

11.

An Bóthar Áise ón mBóthar Contae cóngarach do theach Eoghain Uí Ghallachóir (Pádraig) Uasal agus ar aghaidh go teach Mhíchíl Uí Ghrianna Uasal.

1,550

12.

Feabhsú bóithre ar Oileán Árainn Mhór (ceadaithe ar choinníoll go gcuirfidh an Comhairle Chontae suim comhionann ar fáil).

6,000

13.

An bóthar go dtí an Eastát Tionscail i nGaoth Dobhair a fheabhsú. (Ceadaíodh deontas £2,000 sa chás seo go luath i 1986 ach tar éis tuilleadh fiosrúchán ceadaíodh £15,000 breise ar choinníoll go gcuirfeadh an Chomhairle Chontae £10,000 eile ar fáil.)

17,000

Top
Share