Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Written Answers. - Bac ar Fhostaíocht sa Státseirbhís.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an ndéanfaidh sé polasaí an Rialtais i leith bac ar fhostaíocht sa Státseirbhís a mhíniú don Teach i gcomhthéacs na ráiteas a eisíodh i rith an tsosa, an bhfuil an bac fostaíochta curtha ar ceal anois agus má tá, céard iad na Ranna atá i gceist; agus an dtabharfaidh sé ráiteas soiléir faoi pholasaí an Rialtais ar fhostaíocht sa Státeirbhís.

Chuir an Rialtas in iúl sa Pháipéar Bán go raibh sé i gceist acu an bac ar fhostaíocht duine as triúr sa Státseirbhís a chur ar ceal agus scéim eile a chur ina ionad. Faoin scéim nua seo is é an Rialtas a shocraíonn targaidí foirne chríoch bliana do gach Roinn faoi leith. Is é cuspóir an pholasaí nua seo laghdú a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhain leis an bhac fostaíochta ach ag an am céanna smacht daingean a choinneáil ar mhéadú líon na Státseirbhíse.

Le linn an tsosa thug mé le fios gur shocraigh an Rialtas ar thargaidí chríoch bliana 1986 agus laistigh de na targaidí seo tá saoirse ag na Ranna faoi leith folúntais a líonadh beag beann ar ord tarlaithe na bhfolúntas. Faoi thargaidí chríoch bliana 1986 de réir na scéime nua seo cealófar 536 post ar fud na Státseirbhíse. Ina éadan sin cruthófar 286 post breise in oifigí atá faoi bhrú mór mar shampla an Roinn Leasa Shóisialaigh, na Cúirteanna, na Príosúin agus an Phríomhoifig Staidrimh. Tá 50 post eile cruthaithe chun freastal ar riachtanais forbartha cosúil le ríomhaireacht, cuntasaíocht agus an tseirbhís leasa phearsanra.

Is laistigh de bheartas an Rialtais ar an Cháinaisnéis a socrófar polasaí fostaíochta na bliana seo chugainn.

Top
Share