Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Written Answers. - Scoil i gContae na Gaillimhe.

149. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aige cead a thabhairt do choiste tuismitheoirí (sonraí tugtha) dul ar aghaidh le plean forbarta don scoil i gContae na Gaillimhe.

Tá sceits-phleananna ullmhaithe ag ailtire an Roinn Oideachais i leith an mhéadaithe atá beartaithe don scoil a ndéantar tagairt dó sa cheist. Seolfar na pleananna chuig údaráis na scoile chomh luath is féidir chun cead pleanála a lorg don mbeartas. agus idir an dá linn beidh ceist na ranníocaíochta á plé le húdaráis na scoile. Ní féidir liom ag an bponinte seo a rá cathain a tosófar ar an obair tógála.

Top
Share