d'Aire na Gaeltachta an eol dó chomh mór is a dhéanfaidh an fógra a tugadh le gairid, maidir le deontas do thithe nua, cur isteach ar go leor daoine ar féidir leo síntiús a thabhairt i leith a dtithe féin a thógáil agus an dtabharfaidh sé ráiteas fá dtaobh de.
Written Answers. - Deontas do Thithe Nua.
8. D'fhiafraigh
Is gá ó 1 Deireadh Fómhair 1986 ar aghaidh conraitheoir cláraithe ó thaobh cánach a fháil chun an obair a dhéanamh i gcás go bhfuil cúnamh á lorg faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil. Níl cosc ar dhuine níos mó ná conraitheoir cláraithe amháin a fháil chun na hoibreacha éagsúla a bhaineann le tógáil tí a dhéanamh ach a n-ainmneacha agus a n-uimhreacha cánach a bheith tugtha don Roinn roimh ré.