Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1986

Vol. 369 No. 6

Written Answers. - Uacutedarás na Gaeltachta.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cén dáta deiridh ar chas sé le Bord Údarás na Gaeltachta; (b) cad iad na gealltanais a thug sé ag an am i leith airgeadú breise don Údarás; (c) cén t-airgead (i) i bhfoirm deontais (ii) i bhfoirm iasachtaí, a cuireadh ar fáil ó shin; (d) cé na tionsclóirí agus na postanna a bhí le teacht chuig an nGaeltacht agus atá caillte de bharr nach raibh an tÚdarás in ann deontais a íoc leo; agus (e) cé na tionsclóirí a bhfuil innealra á thógáil uathu faoi láthair nach bhfuil íoctha as cheal deontais.

Bhuail mé le hÚdarás na Gaeltachta ar 24 lúil maidir le hiarratas an Bhoird ar mhéadú sa dheontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil i 1986 de bhreis ar an méadú de £500,000 ó £4,175,000 go £4,675,000 a tugadh i lár mí an Mheithimh. Dúirt mé leis an mbord go gcuirfí airgead breise fós ar fáil i mbliana ach nach raibh aon tsuim shonrach údaraithe go fóill. Suim breise £1,500,000 anuas ar an £500,000 a luaigh mé cheanna atá i gceist móide méid ar leith do thionscnamh sonrach ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis an togra sin sa bhliain reatha. Tá an deontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil, i.e., £4,175,000 íoctha in iomlán leis an Údarás. Beidh sé riachtanach meastachán forlíontach a chur faoi bhráid na Dála don airgead breise, in iomlán. Idir an dá linn tá rótharraingt bhreise shealadach de £1m (£1,500,000 san iomlán) údaraithe don Údarás chun deontais a íoc. Suim £4,750,000 atá údaraithe d'airleacain do 1986 agus níl méadú iarrtha ag an Údarás. Tuigim ón Údarás nach bhfuil sé indéanta ag an tráth seo eolas a chur ar fáil faoi (d) agus (e) sa cheist.

Top
Share