Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1986

Vol. 369 No. 6

Written Answers. - Coláiste Thuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo).

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é méid an deontais a d'íoc Roinn na Gaeltachta le Siúracha na Trócaire, as Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, i gContae Mhaigh Eo (iar-Choláiste Ullmhúcháin) a athchoiriú agus cad iad na coinníollacha a bhí ag dul le híoc an deontais agus an bhfuil sé i gceist anois a éileamh go n-aisíocfaí méid an deontais leis an Roinn os rud é go bhfuil sé ag Údarás an Choláiste go bhfuil an áit le dúnadh agus le díol ar an margadh poiblí agus, dá bhrí sin, go bhfuil na coinníollacha a bhain le ceadú an deontais dá gcur ar ceal.

D'íoc mo Roinnse £48,293 san iomlán i bhfoirm deontais le húdaráis an choláiste seo sa tréimhse 1965 go 1984.

Sa chás nach mbeadh an scoil á reachtáil a thuilleadh mar scoil lán-Ghaelach is féidir go mbeadh cuid ar a laghad den chúnamh a íocadh thar na blianta le híoc ar ais le mo Roinnse agus tá an méid sin curtha in iúl d'údaráis na scoile cheana féin.

Top
Share