Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Nov 1986

Vol. 369 No. 12

Written Answers. - Scoileanna Nua Lán-Ghaelacha.

81. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aige iarratais ar scoileanna nua lán-Ghaelacha sna ceantair seo a leanas: Tamhlacht, Contae Átha Cliath; An Cnoc Theas, Luimneach; Machan i gCorcaigh agus Parklands i gCorcaigh, a cheadú, os rud é go bhfuil éileamh cruthaithe sna ceantair sin don scolaíocht lán-Ghaelach go háitiúil agus go bhfuil na scoileanna eile atá ag tairiscint na háise sna ceantair atá luaite anseo rófhada ó bhaile do pháistí scoile.

De réir na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta, níl deontais incheadaithe le haghaidh scoile i gceantar ar bith nach dóigh leis an Aire a bheith riachtanach chun freastal ar riachtanais oideachasúla an cheantair. Ar an ábhar sin, nuair a bhíonn iarratas ar scoil lán-Ghaeilge á mheá, caithfear ceann a thógaint de na saoráidí oideachais lán-Ghaeilge atá ar fáil sa timpeallacht. I gcás na gceantar a luann an Teachta, tá mé sásta gur féidir freastal ar an éileamh ar scolaíocht trí Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge áitiúla atá i bhfeidhm cheana féin, atá réasúnta gar do cheantair na n-iarratas agus a bhfuil dóthain cóiríochta iontu chuige.

Dá dheasca sin, níl sé i gceist agam na hiarratais seo a cheadú i láthair na huaire.

Top
Share