Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Dec 1986

Vol. 370 No. 6

Written Answers. - Deontas Tithíochta.

58. D'Fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cén dáta a ndearna duine (sonraí tugtha) iarratas ar dheontas tithíochta; agus (b) cén fáth nár thug an cigire cuairt air go fóill.

Fuarthas iarratas ón duine sin 22 Meán Fómhair 1982 agus thug cigire ón Roinn cuairt air ar 13 Deireadh Fómhair 1982. Ní fhéadfaí deontas tógála a cheadú dó ó tharla nach rabhthas sásta gurbh í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar theanga theaghlaigh ag a líon tí de ghnáth — coinníoll reachtúil nach foláir a chomhlíonadh sula bhféadfar cúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Táirgeadh cúnamh faoi Scéim Spreagtha na Gaeilge dó ar 21 Deireadh Fómhair 1982 ach ní bhfuarthas aon iarratas uaidh. Ní féidir cúnamh a cheadú dó faoin scéim sin tar éis tréimhse ceithre bliana ón dáta a tairgeadh cúnamh dó i dtosach fuithi.

Top
Share