Labhair an Teachta Begley faoin ócáid dheas a bhí againn i gCeannáras Bhord Soláthair an Leictreachais, do Fhundúireacht an Bhlascaoid. Tharla rud iontach ann chomh fada is a bhain le Páirtí an Aire. Is é sin gur sheas an Teachta Begley agus gur labhair sé go poiblí thar ceann an Taoisigh. Meas tú ar chosúlacht é seo ar rudaí móra atá le tarlú sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn i bPáirtí Fhine Gael? Fágaimis é sin faoin Aire. Ba mhaith liom píosa a léamh from the magazine of the Association of Scientific, Technical and Managerial Staff called "Neart" in the winter edition of this year, page 21, and I quote from an article entitled "Údarás na Gaeltachta Suffering from Success":
There was a time when one could safely assume that a new full time manufacturing job created anywhere in Ireland was a source of satisfaction to all. It appears now that there are first and second class jobs and that somehow jobs in wealth creation in the Gaeltacht are not as valuable as elsewhere in the country. There should be an end to such nonsense. The country needs every viable job it can get, wherever in Ireland they can be provided without discrimination.
Go háirithe leis an lagmhisneach atá orthu ó thús na bliana seo nuair a chinn an tAire agus an Rialtas an Údarás a fhágáil gann ar an leibhéal airgid a bhí uathu don bhliain seo. Agus dúirt an tAire linn, agus é ag labhairt linn ar an 5ú lá de Mheitheamh, 1986, in a ráiteas ar Mheastachán na Gaeltachta: "Tá súil agam go mbeidh réiteach ar an bhfadhb sin agam go han-luath", agus an fhadhb a bhí i gceist aige ná na deacrachtaí airgid a bhí ag an Údarás ag an am sin. "Go hanluath" a dúirt sé. B'shin an cúigiú lá de mhí Mheithimh na bliana seo. Anois tá sé i ndeireadh na bliana, go leor míonna ina dhiaidh sin, agus tá an tAire ag teacht ar ais ag rá, sa dara cuid dá óráid anseo, go raibh éileamh thar an gcoitiantacht i mbliana ar íocaíochtaí deontas ón Údarás i gcomparáid le cúpla bliain anuas. Agus deir sé, "Chothaigh sé sin deacrachtaí don Eagraíocht". Deirimse gurbh é cinneadh an Rialtais agus an Aire ag tús na bliana a chothaigh na deacrachtaí sin don eagraíocht, agus go bhfuil damáiste thar an gcoitinne déanta aige sin don eagraíocht í féin. Aontaím go hiomlán leis an Teachta Gallagher, cé go bhfáiltím, mar a rinne seisean, roimh an Meastachán Forlíontach seo. Aontaím go bhfuil sé ag teacht, b'fhéidir, ró-mhall don Údarás. Tá súil agam nach mar sin atá an scéal. Níl aon dabht i mo intinnse ná go bhfuil an t-uafás dochair déanta aige don chomhoibriú agus don bhá a bhí idir agus atá idir Údarás na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta go ginearálta. Agus sin é an chéad rud a chaithfear a chothú i gcónaí.
Creidim go bhfuil dochar déanta aige freisin do na tograí is fiúntaí a bhfuil ag éirí leo ar fud na Gaeltachta ar fad agus a bhfuil 4,000 duine fostaithe iontu nach mbeadh fostaithe murach go raibh Gaeltarra agus anois an tÚdarás ann. Ach, níos measa ná sin, tá amhras cothaithe in intinn aon tionsclóra le bliain anuas a bhí ag déileáil leis an Údarás, a bhí i mbun comhráite leo, nó atá ag plé leo faoi láthair faoi thionscail a bhunú sa Ghaeltacht agus fostaíocht a chur ar fáil atá ag teastáil go géar agus tá amhras cothaithe freisin in intinn an dreama seo i mbancanna, i bhfoinsí airgeadais eile na tíre a chuireann airgead ar fáil i bhfoirm iasachtaí do na tionsclóirí seo. Agus creidimse nuair a tháinig Bord Údarás na Gaeltachta i bhfeidhm go ndearna siad aon rud amháin agus go mba rud é a thug misneach do phobal na tíre i gcoitinne. Bhí tionscail ann ag an am sin a bhí ag cailliúint go leor airgid. Agus chinn an chéad bhord go ndúnfaidís síos na tionscail sin agus go dtosnóidís ag obair as an nua agus go gcuirfí an t-airgead sin isteach i dtionscail a raibh súil mhór go n-éireodh leo. Chothaigh sé sin go leor deacrachtaí, go mór mhór do na baill a bhí tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta. Mar go minic an tionscal a dúnadh bhí sé i gceartlár a gceantair féin, i gceartlár a muintire féin. Agus in ionad tacaíocht a thabhairt don bhord agus don Údarás as ucht cinneadh den sórt sin a thógáil, céard a rinne an tAire agus an Rialtas seo ach cic a thabhairt dóibh agus a rá i mbliana nach bhfaighfidís an méid airgid a bhí ag teastáil uathu, agus a gcoinneáil ar an méar fhada ó mhí an Mheithimh seo caite ag cuartú an airgid sin. Mar a deirim, tá deacrachtaí thar an gcoitinne cothaithe acu do aon tionsclóir a bhí ag deileáil leis an Údarás.
Creidimse agus creidim go daingean é, go bhfuil tionsclóirí caillte ag Údarás na Gaeltachta nach dtiocfaidh ar ais go deo le lonnú sa Ghaeltacht. Tá cuid acu sin goidte ag an Údarás Forbartha Tionscail, agus tá eolas agam faoi cheann amháin acu, ceann mór atá gafa go dtí Tuaisceart na hÉireann. Agus ní raibh aon fáth leis sin ach amháin nach raibh an tÚdarás in ann an t-airgead mar dheontas a bhí tuillte ag an tionsclóir sin a chur ar fáil taobh istigh de achar áirithe mar a bheadh de ghnáth. Ní chreidimse gurb shin é an bealach le gnó a dhéanamh le haon eagras, ach go háirithe le heagras Stáit. Agus mar a dúirt mé, tá súil agam na tionsclóirí eile atá i mbun comhráite faoi láthair, go bhfanfaidh siad leis an Údarás agus leis an nGaeltacht.
Bhí an tAire agus mé féin i láthair roinnt seachtainí ó shin ar an gCeathrú Rua nuair a tháinig comhlacht mór idirnáisiúnta a bhfuil clú air ar fud an domhain, IBM, anuas chuig an nGaeltacht le comhghairdeas a dhéanamh le comhlacht beag Gaeltachta lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Telemara Teo., ar shínigh siad conradh leo ag tús na bliana seo agus a raibh an comhlacht sin in ann oibrithe as ceartlár na Gaeltachta a fhostú, an conradh sin a líonadh go huile is go hiomlán ina cheart agus ina chóir agus gan aon teacht aniar air ón gcomhlacht IBM. Agus tháinig IBM chuig an nGaeltacht le duais a bhronnadh ar Thelemara Teo. Sin é an cineál scéil faoin Údarás agus faoin nGaeltacht a theastaíonn uainn a chothú agus a chreidimse gur féidir a chothú. Agus tréaslaím le foireann an chomhlachta sin, ach go háirithe le foireann agus le Príomhfheidhmeannach an Údaráis, mar creidim go bhfuil an-obair agus an-job déanta acu ar fud na Gaeltachta, go háirithe le blianta beaga anuas.
Bhí 667 bpost lánaimseartha agus 80 post páirtaimseartha ceadaithe ag an Údarás agus gan iad in ann litreacha ofrála a chur amach acu, mar, mar atá a fhios agam agus mar atá a fhios ag an Aire, bhí airgead iomlán 1986 tógtha suas ag tograí a ceadaíodh i ndeireadh na bliana 1985. Cloisimid go leor faoi chostais post amháin a chruthú in Éirinn, post amháin i gceantair an Údaráis Forbartha Tionscail, cuir i gcás. Agus tá a fhios againn anseo go gcosnaíonn sé dhá dtriain den mheánchostas sa chuid eile den tír post a chruthú sa Ghaeltacht, agus sin in ainneoin na gcineál constaicí a luaigh an Teachta Gallagher atá le sárú ag an Údarás, nach mbíonn le sárú ag an gcuid is mó eile den tír. Mar a dúirt mé ar dtús, ní chreidim féin dáiríre dá mbeadh aon údarás forbartha tionscail eile ag plé le ceantair Ghaeltachta seachas an tÚdarás, go mbeadh aon dul chun cinn i gcruthú postanna ann. Ní féidir, mar a dúirt mé ar ball beag, tion-sclóirí sclóirí a chur ar an méar fhada. Caithfidh siadsan cinneadh a thógáil inniu agus caithfidh siadsan a bheith ag dul i mbun oibre faoi cheann roinnt seachtainí nó roinnt míonna, agus tá, mar a thugann siad air, "deadline" acu ar fad. Cuireadh go leor acu sin ar an méar fhada le bliain anuas.
Anois, rinne an tAire — níl a fhios agam é an tAire féin nó an Rialtas a chuir ina luí air go gcaithfeadh sé dhá chinneadh aisteacha a thógáil i gcaitheamh na bliana seo. Áit amháin a raibh an-iarracht déanta ag an Údarás postanna a chruthú ar fud na nGaeltachtaí ná sna tionscail sheirbhíse. Agus b'fhéidir nach raibh oiread sin daoine ag obair sna tionscail sheirbhíse, go leor acu i gceantracha Gaeltachta na tíre seo iargúlta, gearrtha amach i bhfad ó thionscail sheirbhíse na gcathracha agus na mbailte móra. Rinne an tÚdarás an-éacht gur tugadh na seirbhísí ar chomhleibheál isteach i gceartlár na Gaeltachta. Agus rinneadh é sin mar go raibh an tÚdarás in ann deontais, beag suarach go maith ach a raibh an-tábhacht leo i gceantar beag Gaeltachta, a chur ar fáil do na gnáthdaoine, do mhuintir na Gaeltachta féin gan aon chur isteach ó aon duine nó aon tionsclóir mór a thabhairt isteach as taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba éacht é sin agus ba éacht é a gcreidimse go n-aontódh fiú amháin an Teachta Begley leis, gur cheart dúinn gach uile thacaíocht a thabhairt dó.
Bhí rud eile a raibh baint acu leis, go háirithe i mo dháilcheantar féin, agus ba shin forbairt portaigh. Le blianta fada níorbh fhéidir portaigh a úsáid i réimsí móra de mo dháilcheantarsa, mar nach bhféadfaí teacht ar chomhoibriú nó ar thacaíocht ón bpobal i gcoitinne ansin, leis na portaigh sin a fhorbairt. Anois tá sé ráite ag an Aire, tuigimse, le bord an Údaráis, gan a bheith ag plé le forbairt portaigh níos mó, nár cheart dóibh é sin a dhéanamh, cé go gcreidimse gurb é ceann de na gníomhartha is mó agus is áisiúla a rinne an tÚdarás agus a raibh déileáil acu leis agus gur gníomh é mar sin gur cheart tacaíocht a thabhairt dó.
Feicim in óráid an Aire anseo ag deireadh leathanach a 2 go bhfuil sábháil airgid déanta ar Vóta na Roinne i mbliana, agus ag caint faoi na deontais tithíochta, d'iarr mise agus an Teachta Gallagher anseo ar an Aire roinnt míonna ó shin go n-éireodh leis eisceacht a dhéanamh, chomh fada agus a bhain sé le ceantracha Gaeltachta agus go háirithe le ceantracha oileáin Ghaeltachta, don chinneadh seo a thug an Rialtas go gcaithfí conraitheóirí tógála cláraithe a úsáid le do theach nua a thógáil. Tá andeacrachtaí sna ceantracha Gaeltachta, tá a fhios ag an Aire féin é, mar tá sé gar do Ghaeltacht in a cheantar féin agus is ó cheantar Gaeltachta é féin ó dhúchas. Tá an-deacrachtaí sna ceantracha Gaeltachta agus go háirithe i gceantair na noileán, de bharr easpa conraitheoirí cláraithe a bheith ar fáil. Agus creidimse fós gur cheart dó féin agus don Roinn athbhreithniú a dhéanamh agus eisceacht a dhéanamh i gcásanna den sórt sin. Agus creidim gurb é cuid den chúis leis an laghdú i ndeontais tithíochta i mbliana nach bhfuil conraitheoirí cláraithe ag tógáil na dtithe agus mar sin nach féidir le pobal na Gaeltachta cur isteach ar na deontais.
An dara sábháil atá ann ná £200,000 ar scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus is iontach go bhfuil an tAire ag caint ar Inis Meáin, mar chaith mise tamall ar Inis Meáin i gcaitheamh na deireadh seachtaine seo caite. Tugadh le fios dúinn é sin agus chonaiceamar féin an drochbhail atá ar an gcé ar Inis Meáin. Agus mar atá a fhios againn ar fad, níl aon bhealach amach ag formhór de phobal Inis Meáin-mura n-íocfaidh siad costas an turais ar eitleán, agus tá an turas sin an-daor-ach amháin ar bhád. Tá deacrachtaí móra acu ar an oileán sin ag teacht amach in aimsir atá gaofar agus aimsir a bhfuil farraige throm ann. Creidim dáiríre go bhfuil a fhios ag an Aire an tábhacht atá leis an gcineál sin muiroibreacha a dhéanamh ar an oileán.
Ní thuigim cén fáth go gcuirfí é sin ar athló go dtí an bhliain seo chugainn. An bhfuil an tAire ag rá linn go mbeidh an £200,000 sin ar fáil an bhliain seo chugainn nó an dtuigim as an méid atá ráite anseo go bhfuil sé á thógáil aige as an Meastachán agus nach bhfuil aon chruthúnas ann go mbeidh sé ar ais sa Mheastachán an bhliain seo chugainn? Tá an tAire Stáit ag an Roinn Iascaigh ag rith thart timpeall an dáilcheantar sin agamsa agus ag caitheamh na milliún ar mhuiroibreacha. Fiú amhain tháinig sé isteach sa Dáil ag caitheamh oiread sin milliún i Ros a'Mhíl. Fuair mé amach ón Aire Dlí agus Cirt a bhí ag labhairt thar ceann an Aire, nach raibh aon airgead ar fáil do Ros a'Mhíl i mbliana.
Tá an cineál sin rith thart timpeall agus an gealltanas airgid seo ag déanamh andamáiste, mar go gcreideann daoine go bhfuil an t-airgead ar fáil.