Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i nGaeltacht Chorcaigh.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla go bhfuil tús le bánú na Gaeltachta i gCorcaigh arís, de bharr easpa postanna agus obair a chur ar fáil do dhaoine óga nach bhfuil i ndán dóibh ach an imirce, an inseoidh sé céard atá á dhéanamh aige féin agus ag Údarás na Gaeltachta leis an scéal a leigheas.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn gach dícheall á dhéanamh acu chun tionscail oiriúnacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil i nGaeltacht Chorcaí.

An aontódh an tAire liom go bhfuil díomá tagaithe air an leathnú sin atá i gceist aige chun an tionsclaíocht oiriúnch a bhunú faoi mar a dúras cheana — go bhfuil easpa airgid ann? Tá na postanna sin le fáil ach níl an t-airgead ag Bord Údarás na Gaeltachta chun na postanna a chur ar fáil.

Bhí a ndóthain airgid sa tír seo leis na blianta anuas ach i 1985 bhí níos mó ná 284 ag obair taobh istigh de Ghaeltacht Chorcaí agus, ó 1982 ní raibh ach 274 ag obair ann. Agus ceadaíodh tograí le déanaí a chuirfidh breis fostaíochta ar siúl as seo amach, taobh istigh de limistéar na Gaeltachta. Tá eolas ag an Teachta faoi sin.

Top
Share