Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Úsáid na Gaeilge.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé na pleananna atá aige chun Teachtaí agus Seanadóirí a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid, ag cur san áireamh go bhféadfaidh a leithéid dul i gcion go mór ar an líon mór daoine a mbionn baint ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí leo.

Aontaím leis an Teachta go bhféadfadh dea-shampla ó Theachtaí Dála agus ó Sheanadóirí cur go mór le cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Chuige sin mhol mé tairiscintí don dá Theach sa bhliain 1984 go mbunófaí Coiste Oireachtais d'fhonn athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh: (a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Tháinig an comhchoiste le chéile don chéad uair ar 29 Bealtaine 1985 agus chuir siad tuarascáil le moltaí bunúsacha insroichte ar fáil i mí Iúil 1985 maidir le leathadh na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht na dTithe. Chuir an Comhchoiste tuarascáil chuimsitheach faoin ábhar céanna ar fáil i mí Aibreáin 1986 agus is cúis áthais dom go bhfuil cuid, ar a laghad, de na moltaí praiticiúla sa tuarascáil sin á feidhmiú faoi láthair.

Tá súil agam go leanfar leis an obair sin agus go dtabharfaidh gach Comhalta den dá Theach oiread tacaíochta agus is féidir d'iarrachtaí an chomhchoiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa dá Theach agus lasmuigh díobh.

An mbeadh an tAire Stáit sásta dianchúrsa cónaithe Gaeilge sa Ghaeltacht a shocrú do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí sa chaoi go mbeadh an chuid againn atá ar bheagán Gaeilge ábalta úsáid a bhaint as an teanga ag cruinnithe poiblí agus mar sin de — cabhrú le húsáid na teanga i gcoitinne?

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil gach uile Theachta agus gach uile Sheanadóir an-bháúil don Ghaeilge taobh istigh de Thithe an Oireachtais. Is dóigh liom gur féidir a rá go raibh gach Teachta agus Seanadóir ar scoil ag foghlaim Gaeilge le cúpla bliain. Freisin, ag éirí as moltaí an chomhchoiste, tá téipthaifeadáin agus téipeanna curtha ar fáil taobh istigh den Teach. Sílim freisin go mbíonn cuid de na Teachtaí ar saoire sna ceantair Ghaeltachta atá ar fud na tíre, ach breathnóidh mé ar an moladh atá déanta ag an Teachta.

Beidh toghchán ann an bhliain seo chugainn. B'fhéidir go bhféadfaimís socrú ar an taobh seo den Teach go dtógfadh an Teachta Mitchell cúrsa cónaithe lena chuid Gaeilge a fheabhsú i rith na dtrí seachtainí a bheas an toghchán ar siúl.

An n-aontóidh an tAire liom go bhfuil an iomad cainte déanta agus á dhéanamh mar gheall ar an nGaeilge agus gan an iomad á dhéanamh as Gaeilge? Cén socrú nó cad a cheapann an tAire go bhféadfaimís a dhéanamh chun athrú a chur ar an scéal? An iomad cainte mar gheall ar an nGaeilge, gan ach beagán cainte as Gaeilge.

Tá a fhios ag na Teachtaí gur Cathaoirleach ar an gcoiste é an Teachta Gallagher agus tá an-pháirt aige leis an gcoiste. Tá a fhios acu go bhfuil moltaí a cuireadh ar bun ón tuarascáil sin á gcur i gcrích taobh istigh den Teach faoi láthair. Tá comharthaí dhátheangacha crochta ar fud na dTithe. Sílim go bhfuil an t-atmaisféar níos fábharaí don Ghaeilge. Tá iarrachtaí suntasacha ar siúl ag an bhfoireann, go háirithe san oifig fáilte, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus mar sin de.

Top
Share