Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cultúrlann Ghaelach.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén cúnamh atá ar fáil ón Roinn do phobal nach bhfuil sa Ghaeltacht, agus atá ag iarraidh úsáid na Gaeilge a leathnú agus cultúrlann Ghaelach a bhunú.

D'fhonn an Ghaeilge agus an cultúr a chur ar aghaidh ar fud na tíre tugann mo Roinnse deontais bhliantúla do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais áirithe Ghaeilge agus chultúir agus fágtar fúthu san socruithe a dhéanamh chun freastal ar phobail ar leith.

An gceapfadh an tAire go mbeadh sé níos fearr socruithe faoi leith a chur i bhfeidhm i gcomhair pobal cosúil le pobal Bhaile Munna atá ag iarraidh pobal Gaelach a bhunú sa cheantar. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr deontais faoi leith a thabhairt ón Roinn go dtí pobail mar iad seachas trí Bhord na Gaeilge.

Tugadh níos mó ná milliún punt do Bhord na Gaeilge i mbliana agus tá scéimeanna faoi leith á reachtáil ag an mBord chun cabhrú le coistí Gaeilge i scoileanna agus i gColáistí Oideachais agus mar sin. Freisin, tugadh £1,150,000 do na heagrais Ghaeilge ón Roinn i mbliana freisin. Agus déanann siad san sárobair chun an Ghaeilge a leathnú ar fud na tíre.

An bhfuil a fhios ag an Aire an méid airgid a chaitear as an deontas taobh amuigh den Gaeltacht?

Tá sé fite fuaite taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh. Mar shampla fuair Gael Linn i mbliana £315,000; fuair Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge £240,000 agus fuair Conradh na Gaeilge níos mó ná £100,000 i mbliana. Mar adúirt mé tá níos mó ná milliún punt caite ag na heagrais sin agus caitear cuid den airgead sin taobh amuigh den Ghaeltacht.

An cheist agam ná an bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéad den airgead a chaitear leis na heagraisí seo taobh amuigh den Ghaeltacht, abair chun cultúrlann a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht mar measaim go bhfuil an chuid is mó den airgead seo á chaitheamh istigh sa Ghaeltacht. Sílim go gcaithfear a thuilleadh de a chaitheamh taobh amuigh de.

Níl an t-eolas cruinn sin agam, a Theachta, ach anuas ar an méid a tugadh dóibh siúd d'íoc an Roinn £155,000 do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus £28,000 do Siamsa Tíre agus ní chaitear iomlán an airgid sin taobh istigh den Ghaeltacht. Ach níl an freagra díreach ar do cheist anseo agam. Is dóigh liom go gcaitear cuid mhaith den airgead sin lasmuigh den Ghaeltacht.

Ní mór dom fiafraí den Aire Stáit faoin cheist seo de bharr go bhfuil méadú tagaithe ar na Gaelscoileanna tríd na tíre seo, an bhfuil sé ar intinn ag an Aire nó ag an Roinn i leith na ceiste atá luaite, is é sin ceist a dó ansin, rud éigin a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do na tuismitheóirí agus do na leanaí agus iad uile atá ag freastal ar na Gaelscoileanna? Nach bhfuil sé soiléir don Aire nó doibh siúd atá ag obair san Roinn gur cóir freastal ar na daoine seo? An gcreideann sé go bhfuil sé soiléir anois go bhfuil leathnú ag teacht ar an nGaeilge de bharr na nGaelscoileanna seo agus an bhfuil sé ar intinn ag an Aire agus ag an Roinn cúnamh a thabhairt do na daoine san? Sin an cheist atá ann. Nílim ag caint faoi na heagraíochtaí anois. Luaigh tú Conradh na Gaeilge agus iad siúd. Nílim ag caint futhu siúd. Táim ag caint faoi na tuismitheóirí agus na clainn atá ag bunú na nGaelscoileanna seo.

Aontáim leis an Teachta go bhfuil níos mó brú le déanaí ná mar a bhí le fada an lá chun Gaelscoileanna nua a chur ar bun ar fud na tíre. Tá ceist, sílim, ag an Teachta O'Rourke faoi na naionraí Gaeilge níos fuide síos ar an liosta agus tabharfaidh mé an t-eolas duit ag an am sin más maith leis an Teachta ach tá fhios aige freisin go dtugann Bord na Gaelge cabhair do na naionraí lán-Ghaeilge tríd an Comhchoiste Réamhscolaíochta agus tugann sé sin cabhair airgid chun an Ghaeilge a leathnú agus a neartú ar fud na tíre.

Top
Share