Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Written Answers. - Oideachas do Pháistí Ghaeltachta.

63. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é polasaí Roinn na Gaeltachta maidir le tacaíocht a thabhairt lena chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais pháistí Gaeltachta ó thaobh oideachais den dara agus den tríú leibhéal a chur ar fáil.

Faoi mar is eol don Teachta baineann an gnó sin leis an Aire Oideachais agus ní bhíonn baint díreach ag mo Roinnse leis seachas an cúnamh a thugtar anois is arís ar mhaithe le saoráidí breise d'iar-bhunscoileanna sa Ghaeltacht.

Bíonn mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Oideachais, ar ndóigh, d'fhonn réiteach a fháil ar fhadhbanna sonracha agus tá comhchoiste ann le hionadaithe ó Bhord na Gaeilge agus ón Roinn Oideachais ar mhaithe le scolaíocht trí Ghaeilge.

Top
Share