d'Aire na Gaeltachta an mbíonn teagmháil idir a Roinn agus an Roinn Oideachais i dtaca le forbairt a dhéanamh ar an líon bunscoileanna lán-Ghaeilge i mbailte móra agus i bpríomhchathracha na tíre.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bunscoileanna Lán-Ghaeilge.
Ní bhíonn baint díreach ag mo Roinnse le scoileanna a bhunú nó a fhorbairt — is ceist í sin a bhaineann go príomha leis an Roinn Oideachais. Tugann Bord na Gaeilge — eagras Stáit faoi choimirce mo Roinnese — cúnamh airgid bliantúil do Ghaelscoileanna, eagras a thugann comhairle agus tacaíocht do phobial a bhíonn ag iarraidh scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú nó a fhorbairt.
An n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil tacaíocht níos mó don Ghaeilge agus a húsáid í measc tuismitheoirí, agus go rachadh comhoibriú idir an dá Roinn chun socair do cheist na teanga, go speisialta i gcathracha na tíre?
Aontaím leis an Teachta go bhfuil níos mó úsáid á baint as an nGaeilge agus go bhfuil an-bhá don Ghaeilge ar fúd na tíre. Breathnóidh mé ar an rud adúirt sé. Ach aontaím leat go bhfuil níos mó úsáid á bhaint as thart ar fuaid na tíre i gcoitinne.
Ceist ghairid, an-tábhachtach faoi na Gaelscoileanna atá luaite sa cheist seo, agus tá na príomhcathracha luaite chomh maith. Ní mór dom ceist a chúr ar an Aire Stáit cén sórt teagmhála atá déanta aige nó atá á déanamh ag a Roinn leis an Roinn Oideachais chun scoil Mahon agus scoil Parklands i gCorcaigh a bhunú nó cead a thabhairt na scoileanna sin a chur ar bun. An bhfuil teagmháil á dhéanamh nó an gcreideann an tAire go bhfuil sé in am teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais chun na scoileanna sin a bhunú?
Bhí neart díospóireachta taobh istigh den Roinn Oideachais faoi na scoileanna a luaigh an Teachta agus má chuireann sé ceist anseo sa Dáil tabharfaidh mé freagra iomlán dó.