asked the Minister for the Gaeltacht when the finance required for the development of the pier will be provided.
Written Answers. - Inish Meáin Pier.
133.
Beidh cúnamh ar fáil ó mo Roinnse a luaithe a thiocfar ar réiteach maidir le scéim fheabhsúcháin ag Caladh Mór, Inis Meáin a bheidh inghlactha do mo Roinnse agus do mhuintir an oileáin.
Ní miste a lua gur tionóladh cruinniú an tseachtain seo caite idir ionadaithe ó mo Roinnse, ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ón oileán agus tá socraithe cruinniú eile a thabhairt le chéile go luath ar an láthair chun na féidireachtaí a luadh ag an gcruinniú a bhí i mBaile Átha Cliath a phlé a thuilleadh.