Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1986

Vol. 370 No. 10

Written Answers. - Comharchumainn sa Ghaeltacht.

75. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cé na deontaisí a d'íoc an Roinn agus an tÚdarás ó 1982 i leith, i ngach bliain, i gcás gach comharchumainn sa Ghaeltacht (b) cé na comharchumainn ar íocadh iasachtaí leo i rith an ama chéanna (c) cé na comharchumainn a bhfuil a gcuid foirgneamh ar léas acu de bharr scéim nó socrú tarrthála ón Roinn nó ón Údarás agus an bhfuil sé sásta go bhfuil staid na gcomharchumann slán agus mar ba chóir agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Seo a leanas an t-eolas a iarradh:

(a) Tá sonraí sa Tábla a ghabhann leis seo maidir leis na deontais atá íoctha faoi Scéim Chomharchumann mo Roinnse ón mbliain 1982 i leith.

Foilsítear eolas faoi dheontais a íocann Údarás na Gaeltachta le comhchumainn Ghaeltachta i dTuarascálacha agus i gCuntais na heagraíochta sin. Tá Tuarascálacha agus Cuntais an Údaráis do na blianta 1982-1985 leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus leagfar Tuarascáil na bliana 1986 faoina mbráid chomh luath agus is féidir an bhliain seo chugainn.

(b) Seo a leanas na comharchumainn ar íoc mo Roinnse iasachtaí leo i rith na tréimhse sin:

Comharchumann Dhúiche

Sheoigheach Teo

Comharchumann Árann Teo

Comharchumann Inis Meáin Teo

Comharchumann na nOileán Teo

Comhar Caomháin Teo

Comharchumann Chois Fharraige Teo

Comharchumann Naomh Fhionáin Teo

Comharchumann Chorca Dhuibhne Teo

Comharchumann Chléire Teo

(c) Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil foirgnimh tugtha ar léas acu do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus do Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo de bharr socruithe tarrthála.

Cé go mbíonn fadhbanna le sárú ag comharchumainn áirithe ó thráth go céile táim sásta go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ag gluaiseacht na comharaíochta sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas.

Top
Share