d'Aire na Gaeltachta an dtuigeann sé cé chomh mór a ghoilleann sé ar Ghaelphobal na tíre seo a fhoghlaim go bhfuil sé beartaithe An Siopa Gaelach ag 86 Sráid Gardner Íochtarach, Baile Atha Cliath 1 do dhúnadh ag Comhdháil Náis- iúnta na Gaeilge; an bhféadfadh sé teacht i gcabhair ar an siopa agus an eiseodh sé ráiteas dá bharr.
Written Answers. - Siopa Gaelach (Baile Átha Cliath).
154. D'fhiafraigh
Is faoi scáth Chomhdháil Náis- iúnta na Gaeilge atá an Siopa Gaelach ag feidhmiú.
Faoi mar a thuigfidh an Teachta is gnó é a bhaineann leis an gComhdháil féin a cuid gníomhaíochtaí a riaradh laistigh den chúnamh airgid bliantúil a bhíonn ar fáil dóibh. Táim sásta go dtuigeann an Chomhdháil a thabhachtaí is atá sé go mbeadh fáil ar leabhair Ghaeilge agus gur chuir siad an ghné sin san áireamh agus iad ag plé na ceiste.