Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Mar 1987

Vol. 371 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bád Farantóireachta d'Oileán Árainn Mhór.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach an féidir leis a chinntiú go dtabharfar dóthain airgid d'Údarás na Gaeltachta chun an bád farantóireachta d'Oileán Árainn Mhór a choimeád faoi sheol.

Tá scrúdú á dhéanamh ar iarratas ó Údarás na Gaeltachta ar chead chun fóirdheontas a íoc i 1987 i leith na seirbhíse farantóireachta idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.

De réir mar is eol domsa, deireann Údarás na Gaeltachta liomsa nach bhfuil siad ag fáil go leor airgid chun an deontas seo a choimeád suas don bhád. An bhfuil an tAire ag déanamh iniúchta isteach sa scéal sin i dtreo is go mbeidh dóthain airgid tugtha ag an Roinn don Údarás i leith an deontais seo?

Tugadh fóirdheontas de £20,000 gach bliain ar feadh trí bliana agus bhí sé i gceist nuair a bhí na trí bliana caite go mbeadh an comharchumann in ann dul ar aghaidh as a gcuntar féin. Tá an scéal á athbhreith i láthair na huaire, mar deir an comharchumann go mbeidh siad ag iarraidh tuilleadh airgid. Tá scrúdú á dhéanamh féachaint cad is féidir a dhéanamh.

Nach gcreideann an tAire go bhfuil sé soiléir cheana féin nach féidir leis an chomharchumann an bád a choimeád faoi sheol gan deontas, agus brathann sé ar an Aire agus ar an Roinn an deontas sin a thabhairt dóibh?

Tuigimid an tábhacht atá leis an tseirbhís a choinneáil ar siúl do mhuintir Árainn Mhór. Déanfaimid ár ndícheall é sin a dhéanamh ach caithfear an rud seo a chíoradh i gceart, mar tá rudaí cosúil le cuntais airgid an chomharchumainn maidir leis an chaoi ar cuireadh an tseirbhís ar fáil. Níl siad sin ar fáil i láthair na huaire agus caithfear an rud ar fad a scrúdú sul a ndéanfar cinneadh i dtaobh na bliana atá le teacht.

Tá an tAire ag déanamh an iniúchta go pearsanta, is dócha, agus an féidir leis an Aire a rá cathain a mbeidh an t-iniúchadh déanta?

Tuigimid an tábhacht atá leis an tseribhís a chur ar fáil agus más gá le tuilleadh airgid caithfimid é sin a mheas. Caithfimid bheith sásta chomh maith i dtaobh na gcuntas a chuirfidh an comharchumann os ár gcomhair.

Cén fhad a leanfaidh an scrúdú?

Táimid ag fanúint leis an eolas sin ón chomharchumann.

An bhfuil an tAire in ann a rá cathain a mbeidh an t-athbhreithniú thart nó cathain a mbeidh an chéad chruinniú eile de na hoifigigh i Roinn an Taoisigh agus an comharchumann?

Níl sé i gceist go mbeadh cruinniú den chineál sin ann. Táimid ag iarraidh eolas ón gcomharchumann maidir leis na cuntais airgid. Sin an príomh rud atá le réiteach sula ndéanfar cinneadh faoi cé mhéid airgid a chuirfear ar fáil, más gá airgead a chur ar fáil. Nuair a rinneadh an réiteach seo ar dtús, fuair an comharchumann £20,000 gach bliain leis an córas a reachtáil agus dúradh nach mbeadh an t-airgead sin le fáil tar éis trí bliana. Caithfimid gach gné den cheist a scrúdú sula ndéanfar cinneadh iomlán don bhliain 1987.

An bféadfadh an tAire Stáit a chinntiú cad é an dáta díreach a bhfuarthas iarratas ó Údarás na Gaeltachta maidir le breis a chur leis an bhfóirdheontas; agus ó tharla go bhfuil géarchéim uafásach airgid ar an chomharchumann agus go bhfuil gach dáinséar nach mbeidh an bád farantóireachta ag freastal ar mhuintir an oileáin mura ndéantar beart go luath, an bhféadfadh sé a chinntiú an mbeidh beart déanta roimh an Cháisc?

Níl moill ar bith orainne an cinneadh a dhéanamh ach caithfimid an t-eolas iomlán a fháil ón gcomharchumann sula a ndéanfar an cinneadh sin.

Top
Share