Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Mar 1987

Vol. 371 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Deisiúcháin Tí.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cá mhéad iarratas ar dheontas deisiúcháin tí a fuarthas ina Roinn ó Ghaeltacht Dhún na nGall i rith na bliana 1986 agus cá mhéad acu sin ar ceadaíodh deontas dóibh.

Fuarthas 302 iarratas sa bhliain 1986. Tá deontais ceadaithe i 168 gcinn dóibh sin go dtí seo.

An bhfuil na cinn nár ceadaíodh go fóill diúltaithe nó faoi scrúdú i láthair na huaire?

Mr. Gallagher

Tá 59 diúltaithe, tá 52 faoi mholadh cigire agus tá 23 ag fánacht le moladh an chigire chomh maith.

An aontódh an tAire, le bliain anuas, go bhfuil an-chuid daoine sa Ghaeltacht ag cur a gcuid iarratas chuig an Roinn Comhshaoil in ionad Roinn na Gaeltachta agus an bhféadfadh sé aon mhíniú a thabhairt air seo chomh fada agus a bhaineann sé le Gaeltacht Dhún na nGall?

Níl aon eolas agam ar an gceist atá luaite ag an Teachta.

Tá roinnt cásanna agam de dhaoine a chuir isteach iarratais chuig Roinn na Gaeltachta. Diúltaíodh iad agus ceadaíodh deontas ón Roinn Comhshaoil, daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, a labhraíonn Gaeilge — agus ní easpa Ghaeilge a chuir isteach orthu. An bhfeadfadh an tAire fiosrúchán a dhéanamh mar gheall ar na daoine seo a diúltaigh Roinn na Gaeltachta dóibh agus ar éirigh leo deontas Comhshaoil a fháil.

Má chuireann an Teachta chugam an t-eolas atá curtha os comhair an Tí anois aige, déanfaidh mé scrúdú air. Ach caithfidh mé an méid seo a rá ón eolas atá agam ó Roinn na Gaeltachta, go gcloíonn siad leis na rialacha faoi labhairt na Gaeilge, agus mura bhfuil siad sásta gurb í an Ghaeilge an gnáth theanga teaghlaigh ní bheidh an deontas le fáil ag iarrthóir ar bith.

Top
Share