Beidh seans ag an Teachta seo. Tá mise ag breathnú ar na figiúirí atá foilsithe agus tá an tAire é féin tar éis iad a lua sa mhéid adúirt sé. Thar aon ní eile tá caomhnú na Gaeilge ag brath go mór ar shlánú agus ar fhorbairt na nGaeltachtaí agus ar chaomhnú agus forbairt na Gaeilge laistigh de na Gaeltachtaí féin. Dá gcaillfí an Ghaeilge bheo mar a labhartar sa Ghaeltacht í bheadh sé thar a bheith deacair an Ghaeilge a athbheochan toisc nach mbeadh aon deis ag aon foghlama na teanga í a chleachtadh go nádúrtha i measc chainteoirí dúchais. Ní hí an Ghaeilge amháin atá an Páirtí seo agamsa ag iarraidh a chaomhnú, áfach, ach na pobail Ghaeltachta féin agus go dtarlaíonn sé gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga chomh maith le chuile ghné dá gcultúr agus dá bhféin-iúlácht. Creideann an Páirtí Daonlathach gurb é an bealach is fearr le leas na Gaeltachta a dhéanamh ná deiseanna a chur ar fáil le spiorad na fiontraíochta agus na forbartha a chur chun cinn i measc mhuintir na Gaeltachta féin.
Tacaíonn an Páirtí seo leis an obair ríthábhachtach atá Udarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag déanamh ar mhaithe leis an bhforbairt sin. Ach creidimid go gcaithfear cur le ról an Údaráis le cúram a dhéanamh freisin de fhorbairt shóisialta agus chultúrtha agus go mba chóir na sóirt cumhachtaí atá ag an Údarás faoi láthair a leathnú amach. Déanfaidh mé trácht beag air sin amach anseo. Creidimise gur cheart gach deis a thapú le tionscal nua, idir thionscail bhaile agus thionscail idirnáisiúnta a mhealladh chuig na Gaeltachtaí agus a bhunú ann. Braithimid nach bhfuil ag éirí leis an Údarás an oiread tionsclaíochta agus a d'fhéadfaí a mhealladh chun na nGaeltachtaí, agus go dtí seo ar aon nós go raibh tionscail áirithe á gcailliúint de bharr cheal airgid. Tá súil agam anois de bharr an mhéadú ar an deontas caipitil agus ar an deontas reatha don Údarás i mbliana nach mbeidh na sóirt deacrachtaí sin acu — deacrachtaí a bhí acu go holc an bhliain seo caite.
Luann an tAire go raibh fás mór ag teacht ar thionscal fheirmeoireacht éisc, agus creidim go bhfuil a lán oibre déanta ag an Údarás ó thaobh taighde de a chruthaigh ar dtús go bhféadfaí feirmeoireacht éisc a bhunú sa tír seo a bheadh in ann brabach maith a dhéanamh. Le roinnt blianta anuas bhí deacrachtaí ann agus ní raibh mórán brabaigh á dhéanamh, ach anois tá sórt briseadh tríd tar éis a tharlú de bharr an taighde agus an obair a rinneadh faoi chúram Údarás na Gaeltachta. Rinne siad seo cé nach raibh aon airgead speisialta á fháil acu ó Roinn na Gaeltachta, ach d'éirigh leo mar sin féin an taighde sin a chur chun cinn agus tháinig tairbhe ón obair sin agus tá fás mór ag teacht anois ar fheirmeoireacht éisc, go háirithe na bradáin. An cruthúnas go bhfuil an briseadh tríd sin déanta, go bhfuil comhlachtaí príobháideacha anois sásta teacht agus airgead a chur isteach sna tógraí nua seo a bhfuil cloiste againn fúthu agus cuid acu tosaithe cheana féin. Tá súil agam go gcoinneoidh an Rialtas súil ghéar ar an dul chun cinn a bheas ag teacht ar an tionscal seo amach anseo ionas go gcinnteófar go mbeidh áit ann i gcónaí do ghnáth-mhuintir na háite — gurb iad siúd a bheas fostaithe sa tionscal seo agus nach ligfidh an Rialtas do thionscal mór teacht isteach agus an brabach a bhaint amach gan aon airgead a thabhairt chun fostaíocht a choinneáil san cheantar.
Molaim don Aire an rud a thárla san Noruaidh: cuireadh srian ar an méid tonnaí bradáin a bhfeadfar a thairgeadh i bhfeirmeoireacht éisc annsin ionnas go gcoinneofar éisc ann agus go mbeadh baint mhór ag muintir na háite leis an obair. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh ar an rud a tharla san tír sin agus, más féidir, an rud céanna a dhéanamh anseo. Dhéanfadh sé an-mhaitheas do na daoine in áiteanna iargúlta. Bímid i gcónaí ag moladh infheistíocht a dhéanamh sna hacmhainí nádúrtha, agus ó tharla an seans go mbeadh méadú mór ar an tionscal seo tá sé tábhachtach gurb iad muintir na háite a bhainfeadh an tairbhe is mó as.
Is é an trua nach bhfuil aon airgead leagtha amach go speisialta ón méid deontas atá an tÚdarás ag fáil ón Roinn le haghaidh mariculture. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh ar an rud seo ionnas nach gcuirfidh sé constaic sa bhealach ar fhorbairt an tionscail nua seo. Deir an tAire go gceapann sé go bhféadfaidh 500 postanna a chur ar fáil san tionscal seo gach bliain ar feadh deich mbliana. Níl fhios agam cén fáth nach féidir i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh san treimhse sin. Creidim go bhféadfaí 1,000 postanna breise a chur ar fáil gach bliain sna Gaeltachtaí san tionscal éisc. Tá a lán oibre os comhair an Aire. Molaim an méid atá déanta ag an Aire cheana féin agus tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe ón obair atá le déanamh aige.
Tá stáisiún i gCarna i gContae na Gaillimhe a bhíonn ag plé le héisc agus le stoicéisc. Baineann sé le hOllscoil na Gaillimhe, ach gan chabhair ón Stát, seans nach mbeidh an ollscoil in ann é a choinneáil ar siúl. Tá tairbhe maith ón méid oibre atá déanta ag an stáisiún sin go dtí seo. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh air sin chomh maith.
Dar ndóigh, tá tionscal na hiascaireachta sean-bhunaithe sna Gaeltachtaí os rud é go bhfuil siad ar fad suite ar an gcósta, ach níor tháinig an dul chun cinn ceart ar an tionscal sin nuair a thugaimid áireamh ar an domhain-iascaireacht a dhéanann náisiúin eile amach ón gcósta agus an brabach mór a bhaineann siad as. Caithimid, mar sin, an tionscal seo a fhorbairt de réir a chéile. Tá na céadta fear agus mná óga ar fud na nGaeltachtaí fostaithe sa tionscal seo. Sa ghearr-thré-imhse, feicim gurb é an tionscal phróiseáil éisc atá níos mó aitheantais ann ó thaobh forbartha. Tá 7,800 fostaithe ann faoí láthair, ach creidim gur féidir 1,000 postanna breise a chothú ann i gceann deich mbliana nó mar sin. Chun tús a chur leis an fhorbairt sin, molaim gur ceart ionad speisialta bainistíochta a bhunú laistigh de Údarás na Gaeltachta chun chuile bhrainse de thionscal na hiascaireachta a chomhordú. Creidim chomh maith gur cóir go mbéadh cúram ag Údarás na Gaeltachta an tionscal turasóirerachta a fhorbairt sna Gaeltachtaí. Faoi láthair níl aon chead acu cabhair airgid a chur ar fáil chun turasóireacht a mhealladh agus a mhéadú. Creidim, agus creideann baill Bhord an Údaráis nach bhfuil an cead sin fáighte acu go speisialta ón Aire. Níl a fhios agam an bhfuil aon athrú á dhéanamh, nó ag teastáil chun é sin a dhéanamh; ní dóigh liom go bhfuil, ach amháin treoir a fháil ón Aire gur cóir dóibh pola-saí turasóireachta don cheantar sin a leagan amach. Tá roint staidéir déanta ag an Údarás cheana féin ar an tionscal seo, ceann de na príomh fhoinsí ioncaim do phobal na nGaeltachtaí. Chuideodh sé go mór dáa mbeadh ionad speisialta turasóireachta bunaithe laistigh de na Gaeltachtaí. Ba cheart an fhreagracht faoi ollfhorbairt agus chomhordú na turasóireachta laistigh de na Gaeltachtaí a fhágáil faoi stiúir an ionaid seo.
Is féidir a rá go bhfuil dhá chineál turasóireachta cheana féin ó thaobh na nGaeltachtaí de: (1) an gnáth mhargadh don turasóireacht — turasóirí, each-trannaí, a thagann go dtí cósta iarthar na hÉireann mar gheall ar áilneacht na dúiche. Ar an dtaobh eile, tá gnáth mhuintir na hÉireann idir daoine fásta agus gasúir a thagann go dtí na Gaeltachtaí, chun an Ghaeilge a fhóghlaim nó a n-eolas a fheabhsú. D'fhéadfaí na daoine breise seo a mhealladh trína chinntiú go mbíonn caighdeán na cóiríochta agus na háiseanna saoire inchurtha lena mbíonn ar fáil in áiteanna eile, is é sin, sa bhaile agus i gcéin, agus níos fearr ná iad. Aithním gur mór an tairbhe agus an tábhacht iad na coláistí samhraidh Gaeilge mar leas na ndaltaí a bhíonn ag freastal agus mar fhoinse ioncaim i ngeilleagar na nGaeltachtaí. Tacaíonn muid go fonnmhar le forbairt leanúnach na gcoláistí seo sna blianta atá romhainn. Mar a dúirt mé ag an tús, tá stair chasta ag an Údarás, agus go deimhin bhí stair chasta ag Gaeltarra Eireann sular bunaí-odh an tÚdarás. Cuireadh a lán constaicí i mbealach Údarás na Gaeltachta le linn tréimhse an iar-Aire Pádraig Ó Tuathail. Tharraing sé sin a lán droch-phoiblíochta don Údarás agus thug sé drochmhisneach do fhoireann an Údaráis. Is dócha, leis an fhíreann a rá, gur thosaigh an sórt deacrachtaí ag brú anuas ar an Údarás le linn tréimhse an Teachta O'Donnell.
Is cuimhin liom go maith, le linn na tréimhse sin go raibh sé mar shórt príomh-aidhme ag Aire na Gaeltachta ag an am, an Teachta O'Donnell, poiblíocht phearsanta a bhaint amach dó féin. Is cuimhin liom gur chuir sé an-bhrú ar Ghaeltarra, a bhí ann ag an am, glacadh le tograí — agus tá sé éasca nuair a bhíonn tú ag breathnú siar ach ag an am labhair mé go minic sa Teach go raibh an-imní orm faoin rud a bhí á dhéanamh aige. Tá an cruthúnas ann anois agus muid ag breathnú siar, an rud a tharla, gur bunaíodh a lán lán monarchana agus gur glacach le tograí agus nach raibh mórán stuaime ag baint leis an sórt polasaí a bhí i gceist aige. Mar ní raibh siad seasmhach, níor lean siad, dúnadh síos iad, agus cailleadh na milliúin punt airgid dá bharr. Tharraing an rud ar fad an drochmheas anuas ar obair an Údaráis agus dá bharr sin anuas ar na Gaeltachtaí agus ar na daoine a bhí ina gcónaí iontu. Sa tuarascáil a chuir an Comhchoiste ar Chomhlach-taí Stáit Tionscanta amach — bhí mé féin i mo bhall den chomchoiste Stáit seo — tá ráiteas ansin ar leathanach 8 ag tacú leis an méid atá á rá agam, agus b'fhéidir nach ndéanfadh sé dochar, a Cheann Comhairle, rudaí mar seo a chur ar an "record" mar a deir siad i mBéarla. Mar amach anseo, na daoine a léann na díos-póireachtaí seo tá sé tábhachtach má tá an t-eolas againn go gcuirfimís in iúl don Dáil é. Rinne an comhchoiste seo anstaidéar ar obair Údarás na Gaeltachta, agus seo ceann do na rudaí a shocraigh an coiste sin a chur isteach sa Tuarascáil, agus bhí daoine as gach páirtí ar an gComhchoiste:
... Gaeltarra assumed a majority or sole shareholding in twelve associate companies in the period 1975-1977.
Sin é an tréimhse ina raibh an Teachta Ó Domhnaill mar Aire.
During this period it was also involved in the establishment of eleven new subsidiary companies and a further four companies became subsidiaries by way of rescue/restructuring operations. This was a period of very rapid expansion of Gaeltarra's equity investment in both subsidiary and associate companies. Ultimately, it created considerable problems for Gaeltarra as evidenced by the fact that between 1976 and 1979 ten subsidiary companies and seven associate companies were closed.
Sin an méid a bhí le rá ag an gcomhchoiste. Ar leathanach a 167 luaitear "investment write-offs" agus ainmnítear 29 gcomhlachtaí, agus ina measc bhí a lán lán de na comhlachthaí a raibh an tAire ag an am ag fáil a lán poiblíochta dó féin uathu ag oscailt na monarchana. Ach, ar ndóigh, ní raibh aon phoiblíocht nuair a bhí siad á ndúnadh síos. Tá sé curtha in iúl anseo, na hainmneacha go léir de na monarchana sin. Bhí a lán poiblíochta, a lán le rá sna páipéir, ar an teilifís agus fiú amháin sna ráitis a chuir an tAire os comhair na Dála ag an am. Ach mo thrua, níor éirigh lena lán lán acu agus dúnadh síos iad tar éis chúpla bliain. Mar sin, tharraing sé sin a lán trioblóide don Údarás, go raibh an brú orthu glacadh le na tograí nua seo agus go raibh fás ro-thapa gan an iomarca staidéir agus gan na margaí a bheith socraithe acu agus gur theip ar na monarchana sin. Is stair anois é, ach tá sé tabhachtach go mbainfimís tairbhe ón stair agus nach dtarlódh an sórt deacrachtaí sin arís.
Dá bhrí sin, ba mhaith liomsa anocht comhghairdeas a dhéanamh le bord Údarás na Gaeltachta de bharr seasamh leis an obair thábhachtach a bhí á déanamh acu cé go raibh an-drochmheas á chaitheamh anuas ag a lán daoine orthu, agus gur éirigh leo sa deireadh thiar thall brabach a bhaint amach, agus tá sé sin le feiceáil anois le dhá bhliain anuas. Níl na figiúirí don bhliain seo caite agam, ach sa bhliain 1985 creidim gur éirigh le Gaeltarra agus na comhlachtaí a bhí faoina gcúram brabach a bheith ann. B'shin athrú mór ó na cailliúintí uafásacha, na milliúin punt airgid, a cailleadh sna blianta roimhe sin de bharr drochpholasaí, polasaí gan aon stuaim. Mar sin, tá mé cinnte nach dtarlóidh na deacrachtaí céanna, nach ndéanfaidh an tAire Stáit, an Teachta Gallagher, na botúin chéanna a rinne na hAirí sin, agus go n-oibreoidh sé go ciúin is go ciallmhar is go stuama, agus go ligfidh sé don bhord agus don fhoireann dul ar aghaidh leis an obair agus nach mbeidh sé féin ag cur a ladair isteach gach seachtain agus ráitis ag dul amach ar an raidió agus ar an teilifís agus ag cur isteach ar an obair a bhíonn an tÚdarás ag iarraidh a dhéanamh. Ach coinneoidh sé súil ghéar ar chaiteachas airgid ar son na Dála. Agus tá muinín agam as go ndéanfaidh sé sin.
Mar sin sa tuarascáil seo, chuireamar a lán moltaí os comhair na Dála agus, cosúil lena lán de na tuarascálacha seo, cé gur chaith an coiste seo bliain nó b'fhéidir beagáinín níos mó, ó thosaigh siad go chríochnaigh siad, cé nach raibh siad ag plé leis an rud an t-am ar fad — bhí siad ag plé le rudaí eile; ní raibh cruinnithe ann ach abair gach seachtain nó gach dara seachtain — chaith an coiste cuid mhaith ama ag plé le hobair Údarás na Gaeltachta agus cuireadh moltaí faoi bhráid na Dála. Níor shocraigh an Rialtas fós díospóireacht faoin tuarascáil seo. Mar sin, ní raibh aon díospóireacht sa Dáil faoi na moltaí seo. Ba mhaith liomsa, mar sin, ar an ócáid seo, iarraidh ar an Aire cad é a thuairim faoi na sóirt mholtaí a rinneadh agus a cuireadh amach sa tuarascáil. Tá siad liostaithe ar leathanach 7. Níor mhaith liom mórán ama de chuid an Tí a thógáil suas faoi, ach mar sin féin b'shin é toradh na dTeachtaí ó gach taobh den Teach seo ar na moltaí a bhí acu ó thaobh an Údaráis. Tá an tuarascáil seo ag an Aire agus beidh seans aige freagra a thabhairt dúinn nuair a bheas an díospóireacht seo thart.
Déanaimse comhghairdeas leis an Aire, go dtí seo ar aon nós, as ucht gur éirigh leis a thaispeáint go bhfuil an Rialtas dáiríre ar a laghad ó thaobh na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta de. Tá súil agam nach mbeidh aon athrú air sin. Tá a fhios agam go bhfuil ganntanas airgid ann. Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí ag na hAirí agus ag an Rialtas nuair a bhí siad ag socrú na Meastachán. Bheadh sé éasca an rud a dhéanamh a rinne an Comhrialtas a bhí ann roimhe seo, is é sin, gan dóthain airgid a thabhairt don Údarás. Ach ní dhearna Fianna Fáil é sin. Tá buíochas ag dul dóibh as ucht sin. Tá sé tábhachtach go gcoinneoimís na ceantracha Gaeltachta láidir. Níl aon bhealach leis sin a dhéanamh mura mhíonn obair ar fáil sna ceantracha sin do na daoine. Ní theast-aíonn uainn go mbeadh iachall orthu imeacht go Meiriceá, Sasana nó an Astráil agus na tíortha eile.
Is é an trua go bhfuil an méid sin daoine ag imeacht an t-am ar fad. Is dócha nár stop sé riamh agus go bhfuil sé go dona arís le roinnt blianta anuas. Níl mé á rá de bharr chúpla milliún punt airgid breise atá curtha ar fáil i Meastacháin na bliana go gcuirfear stop air sin. Ach ar a laghad, má tá seans ag Údarás na Gaeltachta tograí cearta láidre a mhealladh isteach sna Gaeltachtaí nó cabhrú le fear sa Ghaeltacht tionscal nua a bhunú níor chóir go gcuirfí aon chonstaic sa bhealach ó thaobh airgid de. Tá rudaí eile atá an-tábhachtach ó thaobh postanna a chruthú, is é sin an córas cánach, agus tá sé sin ag cur isteach ar fhostaíocht sa tír seo agus tá sé ag cur isteach ar fhás eacnam-aíoch na tíre de bharr an mhéid cánach pearsanta agus cáin ar chomhlachtaí atá i bhfeidhm faoi láthair. Chomh maith leis sin tá an chabhair ó dheontais tábhachtach agus beidh le haghaidh tréimhse fada eile. Tá sí fíorthábhachtach sna ceantracha seo a bhfuil a gcúram ar Údarás na Gaeltachta, is é sin na ceantracha iar-gúlta. Tá monarchana nua-aimseartha bunaithe ag an Udarás. Tá an chreidiúin ag dul dóibh agus is deas an rud a fheic-eáil, go mórmhór i gcásanna na monarchana, gurb iad muintir na Gaeltachta féin atá ag obair iontu agus atá i gceannas iontu, is é sin atá sa bhainistíocht agus nach bhfuil siad ag brath ar dhaoine ón taobh amuigh ach amháin i gcorrchás.
Arís, fáiltím roimh an mBille seo agus tá súil agam go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an obair atá Údarás na Gaeltachta á déanamh.
Cuireadh an díospóireacht ar ath-ló.