Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 May 1987

Vol. 372 No. 10

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

42. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad iad na cumhachtaí breise a d'iarr Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é i 1979; agus an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas na cumhachtaí breise sin a thabhairt don Údarás agus é a dhéanamh lándaonlathach chomh maith.

Táim ag glacadh leis gur cumhachtaí breíse faoí alt 9 den Acht Um Udarás na Gaeltachta, 1979, atá i gceist ag an Teachta. Sula bhféadfaí iarratas mar sin a chur faoi bhráid an Rialtais bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tÚdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoin alt sin.

Níl sé beartaithe faoi láthair athrú a dhéanamh ar chomhdhéanamh Bhord an Údaráis.

Top
Share