den Aire Talmhaíochta agus Bia cén chúis nach bhfuil Gaeltachtaí na Rinne agus an tSeana-Phobail i gContae Phort Láirge i gceantair mhí-bhuntáiste an Chomhphobail Eorpaigh mar atá gach Gaeltacht eile agus an bhfuil sé i gceist aige iad a chur isteach sna ceantair mhí-bhuntáiste.
Written Answers. - Gaeltachtaí Chontae Phort Láirge.
63. D'fhiafraigh
Bhain na hathruithe a lean an t-ath-bhreithniú deireannach ar theorainn na gceanntar mí-bhuntáisteach leis an limistéar is mó gurbh fhéidir a thabhairt isteach nó a ath-rangú ag an am san de réir coinníollacha Threóir an Chomhphobail Eorpaigh i dtaobh ainmnithe ceantar mí-bhuntáisteach. Mar sin féin, tá ath-bhreithniú iomlán á dhéanamh faoi láthair ar theorainn na gceanntar mí-bhuntáisteacha agus san gcomhthéacs sin déanfar ath-bhreithniú ar na ceantair Ghaeltachta i gContae Phort Láirge.
Ba chóir a nótáil go bhfuil ceantair i nGaeltacht Chontae na Mí chomh maith le Contae Phort Láirge nach bhfuil ina gcuid de sna ceantair mhí-bhuntáisteacha.