Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Jun 1987

Vol. 373 No. 6

Written Answers. - Coláiste Thuar Mhic Éadaigh.

25. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard atá i ndán do Choláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo; agus an gcuirfidh sí ráiteas amach ina leith.

Tá géar scrúdú déanta agam féin agus ag an Roinn ar na moltaí a chuir Fo-Choiste Oideachais, Coiste Forbartha Cheantar Thuar Mhic Éadaigh ós ár gcomhair agus tá sé curtha in iúl cheana féin don fho-choiste go bhfuil an Roinn sásta leanúint le haitheantas a thabhairt don scoil mar mheánscoil faoin mbainistíocht nua mar atá beartaithe ag an fho-choiste.

Top
Share