Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Dec 1987

Vol. 376 No. 5

Ceisteanna—Question. Oral Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén cúram a bheidh air maidir le Teilifís na Gaeltachta.

Nuair a fógraíodh le déanaí go gcuirfí £500,000 ar fáil as fáltais an chrannchuir náisiúnta do scéim phíolótach chun cláracha Gaeilge teilifíse a leathnú, míníodh nach raibh na mionsonraí socruithe fós. A luaithe a chinnfear ar an mbealach is fearr chun leas na Gaeilge a chur chun cinn leis an airgead i gceist, is ar an Aire Cumarsáide a thitfidh an cúram óir is air atá an fhreagracht maidir le seirbhísí craolacháin na tíre, idir raidió agus teilifís.

An féidir leis an Aire a insint don Teach, maidir leis na díospóireachtaí is dócha a bheidh aige leis an Aire Cumarsáide, cén áit in a mbeidh an teilifís?

Tá na cúrsaí seo á bplé i láthair na huaire agus, mar a dúradh nuair a cuireadh an t-airgead ar fáil, scéim phiolóta atá ann agus tá go leor rudaí le socrú sular féidir dul ar aghaidh.

Tá an tAire Cumarsáide ansin. B'fhéidir go bhfuil rud éigin le rá aige mar gheall ar an teilifís.

(Cur isteach.)

An féidir leis an Aire a rá, an bhfuil dallamullóg á cur ar mhuintir na Gaeltachta agus nach mbeidh aon teilifís ann?

Sílim gurb é an Teachta Begley an duine is mó a bhíonn ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhuintir na Gaeltachta. Sin an méid a bhíonn ar siúl aige anseo an t-am ar fad.

Top
Share