Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Feb 1988

Vol. 378 No. 1

Written Answers. - An Crannchur Náisiúnta.

25. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais, maidir leis an gcrannchur náisiúnta, an gceapann sé gur cheart go ndéanfaí fógraíocht don chrannchur seo trí mheán na Gaeilge amháin sna Gaeltachtaí, agus an bhfuil sé sásta iarraidh ar lucht stiúrtha an chrannchuir go ndéanfaí amhlaidh láithreach.

Baineann an cheist seo le riarachán an chrannchuir náisiúnta atá faoi chúram bhord an chrannchuir. Mar sin, más mian leis an Teachta polasaí chomhlacht an chrannchuir maidir le húsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí a shoiléiriú, ba chóir dí dul i dteagmháil leis an gComhlacht faoi.

Tuigim on gcomhlacht go bhfuil an crannchur náisiúnta breá sásta gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le daoine gur mhian leo a leithéid agus go bhfuil ábhar fógraíochta i nGaeilge ar fáil do ghníomhairí an chrannchuir sna Gaeltachtaí.

Top
Share