Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Mar 1988

Vol. 378 No. 9

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Feachtas Fograíochta don Ghaeilge.

D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist go gcaithfí an £400,000 atá tugtha do fhorbairt na Gaeilge trí Bhord na Gaeilge ós rud é gur Bord Stáit é; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Glacaim leis gurb é an cúnamh ó fháltais an chrannchuir náisiúnta d'fheachtas fógraíochta ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. Creidim go mbeidh tábhacht ar leith ag baint leis an bhfeachtas sin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de agus ní foláir mionscrúdú a dhéanamh ar na bealaí is fearr leis an mbuntáiste is mó a bhaint as an gcaiteachas a bheidh i gceist. Tá an mionscrúdú ar siúl fós.

An tseachtain seo caite dúirt an tAire Stáit ar son an Rialtais go raibh siad sásta leis an obair atá déanta ag Bord na Gaeilge go fóill. Tá an dara plean foilsithe ag an mbord —is bord Stáit é — agus an aontódh an tAire Stáit liom go mbeadh sé an-oiriúnach ar fad dá mbeadh an t-airgead seo á chaitheamh trí Bhord na Gaeilge ionas go mbeadh a fhios ag chuile dhuine céard go díreach atá an bord ag déanamh agus os rud é go bhfuil an Rialtas sásta go dtí seo leis an obair atá déanta acu.

Tá na rudaí sin ar fad á scrúdú i láthair na huaire ag mo Roinnse agus bhí orm fanacht le moltaí ó Chomhchoiste na Dála; d'iarr siad orm gan aon rud a dhéanamh go mbeadh a gcuid moltaí réitithe acu. Tá an rud sin go léir á mheas san am i láthair agus ní thiocfadh liom ag an bpointe seo a rá go cinnte cé a bheas in a bhun. Bhí páirt acu san bhfeachtas deiridh agus is dócha go nglacfar leis go mbeidh baint éigin acu leis ar aon nós.

Cathain a dhéanfar cinneadh faoi? An mbeidh sé taobh istigh de cúpla mí nó cúpla seachtain, nó an bhfuil an t-eolas sin ag an Aire Stáit go fóill?

Tá sé beagnach ceithre mhí ó fógraíodh go gcuirfí an t-airgead seo ar fáil agus ní mór dul ar aghaidh leis an réiteach seo chomh luath agus is féidir.

Top
Share