Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 May 1988

Vol. 381 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Tionscal i gContae Dhún na nGall.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le tionscal (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall atá ceadaithe ag Udarás na Gaeltachta.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go meastar go gcuirfear tús le tógáil foirgneamh don tionscal i gceist thart faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus go mbeidh an tionscnamh i mbun gnó thart faoi dheireadh Mhárta na bliana seo chugainn.

Cé mhéad fostaíocht a bheas ar fáil nuair a bheidh an tionscal seo faoi lán seol?

Beidh 23 fostaithe lán-aimseartha agus beidh thart ar beirt páirt-aimseartha.

Nuair a chuimhnimid go bhfuil an dí-fhostaíocht an-ard anseo agus gur dúnadh monarcha sa cheantar sin timpeall bliain ó shin, feictear go bhfuil géarghá go ndéanfaí beart go luath. Tá sé seo ag dul ar aghaidh i bhfad níos mó ná bliain. Thug mé féin agus an tAire Stáit cuairt ar an suíomh beagnach bliain ó shin agus is beag dul chun cinn atá déanta. An féidir leis an Aire Stáit a rá go gcuirfear an rud go léir i gcrích gan aon mhoill eile?

Tuigtear go bhfuil plean eile faighte agus go bhfuil sé réitithe le tógáil a dhéanamh. Is é an chéad rud eile conraitheoir a roghnú agus ni fheicimid go mbeidh moill ar bith leis sin.

Top
Share