Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 May 1988

Vol. 381 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fish Farming Development.

2.

asked the Taoiseach if he will make a statement on the implications of additional responsibilities for the development of fish farming being given to Údarás na Gaeltachta; the additional resources, if any, which are being allocated in respect of these responsibilities; and if he envisages any role for the NDC in this area in conjunction with Údarás.

Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag tacú le tionscal shaothrú na mara agus is amhlaidh a tugadh aitheantas don ról sin atá á chomhlíonadh cheana féin ag an Údarás i ndáil le clár forbartha an Rialtais i leith an tionscail sin a chur i gcrích sa Ghaeltacht.

Tá an soláthar airgid ón Stát don Údarás don bhliain reatha socraithe cheanna féin agus déanfar cinneadh faoi sholáthar na bliana seo chugainn sa ghnáthbhealach.

Tá an tÚdarás agus an Chorparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta ag comhoibriú lena chéile cheana féin maidir le forbairt tionscal shaothrú na mara sa Ghaeltacht agus tuigim go bhfuil infheistíocht déanta ag an gCorparáid Forbartha Náisiúnta Teoranta sa tionscal sa Ghaeltacht.

An bhféadfadh an tAire Stait nó an Taoiseach, b'fhéidir, a rá leis an Teach cén fáth go bhfuil ar gnó nua seo atá tugtha do Údarás na Gaeltachta tugtha sa tslí in a bhfuil? Agus déarfainn leis an Aire Stáit go bhfuair an domhan amach faoin ghnó nua seo ó na nuachtáin tar éis cruinniú a bheith ag an Taoiseach le daoine áirithe de bhallraíocht an Údaráis cúpla seachtain ó shin.

Níl gnó breise ar bith tugtha don Údarás. Séard atá i gceist ná go mbeidh siad i mbun fheirmeoireacht eisc sna ceantair Ghaeltachta, agus tá sé sin tugtha dóibh mar aitheantas ar an obair atá déanta acu mar cheannrodaithe sa tionscal seo. Níl aon chumhachtaí breise ná aon rud eile i gceist anseo. Maidir leis an eolas a luaigh an Teachta ansin, tugadh é sin don bhord ar fad an lá céanna taobh istigh de 20 nóiméad ón am a raibh an Taoiseach ag caint leis na daoine eile. Mar sin ní raibh aon rud faoi leith ansin, agus tig leis na daoine a hainmníodh ar an Údarás ó pháirtí an Teachta é sin a dheimhniú.

An cúram é seo a bhí ar an Údarás cheana féin?

Mar atá ráite anseo sa Teach go minic, tá aitheantas faighte ag Údarás na Gaeltachta mar cheannródaithe sa tionscal fheirmeoireacht éisc agus sílim go raibh an Rialtas ag tabhairt aitheantais don obair seo a bhí á déanamh acu. Sin an méid atá i gceist. Beidh cúraimí iomlán na tíre ar Bhord Iascaigh Mhara ach sna ceantair Ghaeltachta, is iad an tÚdarás a bheidh i mbun na hoibre.

Ní thuigim go díreach cad atá á rá ag an Aire Stáit. Dúirt sé liom go raibh an cúram seo i gcónaí ar Údarás na Gaeltachta ach tá sé ag rá liom freisin go ndúirt an Taoiseach do bhaill an Údaráis go raibh an cúram nua seo á chur orthu. Cé acu atá i gceist: an cúram nua é nó an cúram é a bhí ar an Údarás i gcónaí, agus más cúram é a bhí ar an Udarás i gcónaí, cén fath go raibh an Taoiseach ag iarraidh a chur ina luí ar an Údarás gur rud nua a bhí i gceist?

Ba cheart go dtuigfeadh an Teachta go bhfuil an tionscal sa tír ar fad faoi chúram Bhord Iascaigh Mhara, ach sna ceantair Ghaeltachta, ó tharla go raibh an tÚdarás mar cheannródaithe sa tionscal seo, tá na cúraimí orthú san sna ceantair Ghaeltachta. Sin an méid atá i gceist.

Tá plean ann chun bualadh le roinnt ball de bhord an Údaráis, ach an bhfuil aon phlean ann bualadh le bord iomlán an Údaráis? Agus, freisin, an aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil dóthain airgid curtha ar fáil don Údarás chun an obair úr seo a chur i gcrích?

Aon airgead faoi leith a bheas curtha ar fáil don Údarás, tá sé leagtha amach gach bliain, agus tá an leagan amach céanna ann agus a bhí ann i gcónaí maidir leis an tslí a gcuirfí airgead ar fáil don tionscal sin.

Top
Share