Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jun 1988

Vol. 382 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Employment Statistics.

1.

asked the Taoiseach the number of job losses and the number of registered unemployed in the Gaeltacht areas in 1987; the number of new jobs created in the same year; the projected job creation figures for 1988-89; and the estimates for emigration from the Gaeltacht, if any, that his Department may have prepared.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 911 phost nua agus gur cailleadh 652 post i 1987 i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás nó ó Ghaeltarra Éireann, rud a d'fhág go raibh glanmhéadú de 259 nduine i líon na ndaoine a bhí fostaithe sna tionscail sin ag deireadh 1987 i gcomparáid le deireadh na bliana roimhe sin; agus go meastar go gcruthófar suas le 600 post nua i mbliana agus thart ar an líon céanna i 1989.

Tuigtear ón bPríomh-Oifig Staidrimh nach mbíonn eolas sonrach ar fáil maidir leis an líon daoine sa Ghaeltacht a bhíonn cláraithe mar dhaoine dífhostaithe; agus gur ar bhonn náisiúnta a dhéantar meastacháin maidir le himirce agus nach mbíonn meastacháin ar leith ann don Ghaeltacht.

Bíonn an deacracht agam i gcónaí cé'n rud is fearr a dhéanamh, leanúint i nGaeilge nó i mBéarla. My question asked for projected emigration figures from the Gaeltacht that the Department of the Gaeltacht may have prepared and I put that question down in the full knowledge that within the Department of the Gaeltacht there are surveys on previous emigration and changing patterns of emigration. My question was not to the Central Statistics Office but rather to know what estimates for net out migration have been prepared by the Department of the Gaeltacht.

Ní shílim go mbeadh sé i gcumas aon Roinne eolas den chineál sin a chur ar fáil, mar athraíonn imirce agus athraíonn cúrsaí mar sin ó am go ham.

Níl aon eolas, ar ndóigh, ag an Aire Stáit, ach cuireann sé iontas orm, toisc go ndearnadh suirbhé ar son na Roinne ag an bhForas Forbartha agus chomh maith leis sin ag an Ollamh Mac Aoidh ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus tá sé an-ait ar fad nach bhfuil an t-eolas le fáil. Ach an féidir liom ceist eile a chur, agus is é sin cén méid spéise atá ar fáil do iarrthóirí ar spás monarchan chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht don bhliain seo chughainn?

Sin ceist faoi leith, agus níl an t-eolas sin agam don Teachta. Má chuireann sé síos ceist shonrach a bheas ag plé leis na cúrsaí sin beidh mé in ann an t-eolas a thabhairt dó.

An bhfuil eolas ar bith ag an Aire?

Mar fhocal scoir, an mbeadh an tAire Stáit sásta an t-eolas a fháil dom féin agus dó féin, an bhfuil aon staidéar fiúntach á dhéanamh faoi láthair faoi fhostaíocht agus imirce ó na háiteacha taobh istigh de na Gaeltachtaí éagsúla don bhliain seo chughainn?

Tá sé mar dhualgas ar an Údarás eolas a fháil faoi líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bheas ag iarraidh fostaíochta agus a leithéidí sin, agus bíonn sé sin mar obair acu nuair atá siad ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus caithfidh siad na rudaí sin a chur san áireamh. Ach i láthair na huaire tuigfidh an Teachta go bhfuil sé deacair lucht tionscail a fháil le lonnú sna Gaeltachtaí, agus sin an deacracht atá ag an Údarás le postanna úra a chruthú.

(Limerick East): The question by Deputy Michael Higgins concerns the estimate of emigration from the Gaeltacht and the Minister has replied saying that no Department could establish those figures. Will he agree that it is a gross dereliction of the duty imposed on his Department to look after Gaeltacht areas, and the people who live in the Gaeltacht? I should like the Taoiseach, who is still at the back of the Chamber, to take this on board. There is a responsibility, which is now the Taoiseach's, to look after the interests of those who live in the Gaeltacht. If the Minister's opening position is that he does not know how many are living or how many are leaving he is not taking the Department of the Gaeltacht seriously and he is not taking the Irish language seriously.

Tá sé ceart go leor ag an Teachta éirí agus ráiteas den chineál sin a dhéanamh. Tá cúraimí na Gaeltachta á bhfreagairt ag mo Roinn, agus tá sé á dhéanamh acu leis na blianta anuas. Nílimid ag clamhsán agus nílimid ag ardú achrainn leis an Údarás atá ag iarraidh an jab a dhéanamh le postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Sin é go díreach an deacracht atá ann.

Nílimid ag caitheamh daoine as a bpostanna agus ag dul ar aghaidh leis an bpleidhcíocht a bhí ar siúl ag an Rialtas a raibh an Teachta páirteach ann.

Táimid ag dul ar aghaidh go dtí Ceist a Dó.

(Cur isteach.)

Top
Share