Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1988

Vol. 382 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caiteachas ar Mhuiroibreacha.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid atá curtha ar fáil ag a Roinn i mbliana le haghaidh saoráidí calaidh; agus cén dóigh ar dáileadh an t-airgead go dtí seo.

Suim £59,881 atá caite ar mhuiroibreacha go dáta i mbliana as soláthar £340,000 i Leabhar na Meastachán: anuas air sin tá £200,000 á chur ar fáil ó fháltais an chrannchuir náisiúnta i ndáil le hoibreacha deisiúcháin práinneacha ar Oileán Chléire, Contae Chorcaí.

Cuirfear sonraí faoin gcaiteachas go dtí seo timpeall i bhfoirm tábla sa Tuairisc Oifigiúil.

Caiteachas Roinn na Gaeltachta ar Mhuiroibreacha sa Ghaeltacht ó 1 Eanáir 1988 go 29 Meitheamh 1988.

Contae

Áit

Caiteachas (£)

Dún na nGall

An Bun Beag

51,620

Árainn Mhór (Soilse)

10

An Ghlaiseach

3,876

Maigh Eo

Bá Tullachán

260

Gaillimh

Ceantar na nOileán (Fánáin)

3,960

Corcaigh

Oileán Chléire

155

Ag aontú ar an tábhacht atá le tionscal na hiascaireachta sa tir, an aontaíonn an tAire gur leor an méid atá á chur ar fáil le saoráidí a sholáthar nuair a chuimhníonn tú go bhfuil céanna ar fud na tíre ag titim isteach san fharraige, agus an bhféadfadh sé míniú a thabhairt ar an mhéid ón chrannchur náisiúnta a cuireadh ar fáil do Oileán Chléire? Cad é go díreach atáthar á dhéanamh leis sin?

Is é an rud a tharla ar Oileán Chléire gur thit an ché as a chéile agus ní raibh airgead curtha in áirithe sna Meastacháin le feabhas a chur ar an ché. Tharla go raibh práinn leis agus socraíodh ar £200,000 a chur ar fáil ón chrannchur náisiúnta an ché a chur i dtreo le go mbeadh sí sábháilte agus go mbeadh muintir an oileáin in ann í a úsáid go féiltiúil.

Má bhíonn géarchéim in aon pháirt den tír maidir le céanna, an mbeadh sé ar intinn ag an Aire nó ag an Aire Stáit airgead breise ón chrannchur náisiúnta a chur ar fáil? An rud é seo a bheas leanúnach; an féidir le ceantar eile a bheith ag brath ar an chrannchur náisiúnta?

Ní shílim go bhfuil aon chinneadh chinnte déanta faoi seo, ach bhí práinn ar leith ag baint leis an gcás seo, agus ó tharla go raibh an t-airgead a bhí sna Meastacháin leagtha amach do oibreacha a bhí ar siúl cheana féin agus go gcaithfí iad sin a chríochnú, rinneadh eisceacht sa chás seo.

Top
Share