Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1988

Vol. 382 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deisiúcháin ar Bhóithre Áise.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid atá curtha ar fáil ag a Roinn i mbliana le haghaidh deisiúcháin ar bhóithre áise sa Ghaeltacht; agus cé na bóithre ar cuireadh airgead ar fáil dóibh.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach cheana féin, is soláthar £200,000 atá i Vóta mo Roinnse i mbliana le freastal ar bhóithre áise sa Ghaeltacht. Tá dhá chás len ar bhain práinn ar leith ceadaithe go dtí seo, eadhon: deontas £3,000 chun an bóthar chuig monarcha Arramara Teo ag an Mín Mór, Contae Dhún na nGall, a dheisiú; agus deontas £4,000 chun bóthar portaigh ag Sáile, i gContae Mhaigh Eo, a dheisiú. Roghnófar na bóithre eile a mbeidh deontais le ceadú ina leith go luath amach anseo.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil aon chéatadán ar leith den airgead ag dul chuig na hoileáin Ghaeltachta ar chósta na tíre?

Tá leagan amach ag baint le hairgead a chaitear ar na hoileáin. Tá cuid de na hoileáin a bhfuil scéimeanna ar leith ag baint leo ar feadh tamaill mhaith ó thaobh chaiteachas ar bhóithre. Ní céatadán ar leith den mhéid atá curtha ar fáil sna Meastacháin atá i gceist, ach déantar athrú ar na cásanna sna hoileáin agus cuirtear airgead ar fáil go feiltiúil. Go minic tarlaíonn sé go ndéantar é sin trí dul i gcomhar leis an Chomhairle Chontae agus cuirean siadsan airgead ar fáil chomh maith.

An bhfuil aon choinníollacha nó rialacha speisialta a ghabhann le airgead a chur ar fáil do bhóithre áise sa Ghaeltacht?

Tá. Cuirtear an t-airgead ar fáil mórán ar an gcaoi chéanna a gcuirtear ar fáil é faoi na scéimeanna eile áise a bhíonn ar siúl ag an gcomhairle chontae. Sin go baileach na realacha a bhaineann leis an gcaoi a gcuirtear na deontais seo ar fáil.

Top
Share