den Taoiseach cén uimhir iarratas ar dheontas do thithe nua a frítheadh ina Roinn ó gach limistéar Gaeltachta ón 1 Eanáir, 1987; cén líon ar ceadaíodh deontas ina leith; agus cén líon ar diúltaíodh deontas a cheadú dóibh.
8. D'fhiafraigh
Vol. 382 No. 10
den Taoiseach cén uimhir iarratas ar dheontas do thithe nua a frítheadh ina Roinn ó gach limistéar Gaeltachta ón 1 Eanáir, 1987; cén líon ar ceadaíodh deontas ina leith; agus cén líon ar diúltaíodh deontas a cheadú dóibh.
8. D'fhiafraigh
den Taoiseach cén líon iarratas ó gach ceantar Gaeltachta i leith deontas feabhsúcháin tí a frítheadh ina Roinn ón 1 Eanáir, 1987; cén uimhir iarratas ar ceadaíodh deontas dóibh; agus cén líon ar diúltaíodh deontas dóibh.
Tógfaidh mé Ceist a 7 agus Ceist a 8 le chéile.
Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Seo a leanas an tábla:
Tréimhse 1 Eanáir 1987-1 Meitheamh 1988 |
||||||
Líon iarratais a fuarthas |
Cásanna a Ceadaíodh |
Cásanna a Diúltaíodh |
||||
Gaeltacht |
Tógáil |
Feabhsúcháin |
Tógáil |
Feabhsúcháin |
Tógáil |
Feabhsúcháin |
Dún na nGall |
33 |
174 |
54 |
312 |
20 |
89 |
Maigh Eo |
8 |
82 |
7 |
76 |
2 |
41 |
Gaillimh |
75 |
362 |
48 |
448 |
23 |
121 |
Ciarraí |
23 |
118 |
7 |
167 |
10 |
58 |
Corcaigh |
14 |
57 |
14 |
66 |
2 |
17 |
Port Láirge |
7 |
22 |
2 |
37 |
3 |
8 |
An Mhí |
2 |
6 |
— |
22 |
— |
1 |
An Clár |
1 |
3 |
— |
7 |
— |
2 |
An bhféadfadh an tAire a rá nó an bhfuil sé ar eolas aige cén fáth go ndiúltaítear céatadán áirithe dena hiarratais? Cad é an céatadán de na hiarratais a cuireadh isteach a diúltaíodh?
Níl an t-eolas sin agam, ach baineann ceist an Teachta leis na rialacha i leith deontas a chur ar fáil. Caithfidh an Ghaeilge a bheith ag an mhuirín mar theanga labhartha, agus má tá páistí an tí ag dul chun na scoile agus gan iad ag fáil an deontas £10 ní éiríonn leis an mhuirín sin an deontas a fháil nuair a chuireann siad iarratas isteach.
Tá roinnt cásanna, agus déarfainn go bhfuil siad ar eolas ag an Aire, ar chuir daoine as an Ghaeltacht iarratais isteach ar dheontas athuair agus ar chúis amháin nó cúis eile nuair a diúltaíodh iad chuir siad iarratais chuig an Roinn Comhshaoil, agus mar go raibh méid an tí ró-mhór níor éirigh leo ceachtar den dá dheontas a fháil. An bhfuil aon phlean nó scéim lena bhféadfadh tarrtháil a thabhairt ar na daoine seo atá ag tógáil tithe nua anois agus nach bhfuil ag fáil deontais ó Roinn na Gaeltachta nó ón Roinn Comhshaoil?
Aontaím leis an Teachta go raibh cásanna a raibh deacrachtaí ag baint leo ó tharla nach raibh aon srian ar an méid a thoicfadh a bheith ar an teach a bheadh á thógáil sa Ghaeltacht, agus nuair a chuir daoine iarratais isteach chuig an Roinn Comhshaoil nár éirigh leo. Ach sílim gur mhaolaigh an tAire Comhshaoil cuid de na rialacha sin le gairid agus go mbeidh seans níos fearr ag daoine anois na deontais seo a fháil.