Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1988

Vol. 382 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Iomarcaíochta don Earnáil Phoblí.

9. Dfhiafraigh

den Taoiseach cén líon d'fhoireann Údarás na Gaeltachta a rinne iarratas faoin scéim iomarcaíochta as gach ceantar Gaeltachta; agus cén uimhir ar glacadh leo as gach ceantar.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuarthas 49 n-iarratas ó chomhaltaí den fhoireann faoin scéim iomarcaíochta don earnáil phoiblí agus gur glacadh le 23 iarratas. Is mar seo a leanas a roinntear iad de réir contaetha:

Ceantar

Líon iarratas a fuarthas

Líon iarratas lenar glacadh

Co. na Gaillimhe

44

21

Co. Chiarraí

2

1

Co. Dhún na nGall

3

1

An tIomlán

49

23

An aontódh an tAire leis an mhéid daoine atá ag glacadh iomarcaíochta ón Údarás anois go bhféadfadh sé seo cur isteach go mór ar chúrsaí an Údaráis san am atá romhainn? Chomh maith leis sin, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil aon airgead ag an Údarás i láthair na huaire chun cuidiú a thabhairt do thionscail úra nó iarratais úra atá ag dul isteach, an aonthódh sé go bhfuil géarchéim san Udarás i láthair na huaire ó thaobh airgid de agus ó thaobh pearsanra de?

Beidh sabháil thart ar £218,000 ar íocaíocht phá de bharr na scéime seo. Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí ó thaobh airgead a chur ar fáil. Ach fuair an tÚdarás £5.5 mhilliún anuraidh agus cuireadh ar an eolas iad maidir leis an méid airgid a bhí le fáil acu. Bhí a fhios acu go raibh srian ar chaiteachas poiblí agus iarradh orthu coinneáil leis na srianta sin lena gcuid oibre a dhéanamh.

An aontódh an tAire gur seo an chéad uair ó bunaíodh an tÚdarás nach bhfuil sé ar a gcumas aon airgead a chur ar fáil ó seo go deireadh na bliana do aon tionscnamh nua sa Ghaeltacht? Ní shílim gur tharla sé seo cheana, agus de réir mar a thuigim tá treoir tugtha anois nach féidir aon tionscnamh nua a cheadú, mar nach bhfuil aon airgead ann. An aontaíonn sé gur maith an rud é sin don Údarás agus don Ghaeltacht agus do fhostaíocht, agus an bhfuil aon bheart aige le hairgead a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana don Údarás?

Leagadh síos rialacha daingne don Údarás maidir le caiteachas airgid. Bhí a fhios acu cé mhéid airgid a bhí le caitheamh, agus má chuaigh siad thar fóir sa chaiteachas sin is orthu féin atá an locht.

Mar sin de, ní bheidh ar chumas an Údaráis aon tionscnamh nua a cheadú ó seo go dtí deireadh na bliana mar nach bhfuil aon airgead acu. An mar sin atá an cás i láthair na huaire?

Ba cheart don Údarás clár oibre a leagan amach de réir an airgid a bhí leagtha amach acu ón Stát. Fuair siad £5.5 mhilliún agus bhí a fhios acu ag tús na bliana cé mhéid a bhí acu le caitheamh agus níor cheart dóibh dul thar an suim sin san obair a bhí ar siúl acu.

An bhfuil an tAire ag rá go mba chóir don Údarás, i dtosach na bliana, moill a chur ar thionscail nua a bheadh ag teacht isteach sa Ghaeltacht le fanacht laistigh den mhéid airgid atá curtha ar fáil?

Bhí an Teachta mar Aire Airgeadais agus tá a fhios aige i gcónaí go mbionn suim áirithe leagtha amach don Údarás. Sin an riail atá ann i gcónaí, go mbíonn suim áirithe leagtha amach dóibh sa mhéid airgid atá le caitheamh acu. Agus tá a fhios aige chomh maith go mba cheart dóibh coinneáil leis na rialacha a bhaineann leis sin.

Nach n-aontaíonn an tAire i dtosach báire gurb í seo an chéad uair a bhí ganntanas airgid dá leithéid ar an Údarás, gurb í seo an chéad bhliain riamh nach raibh sé ar chumas an Údaráis, i lár na bliana, tionscal nua ar bith a chur ar fáil? An bhfuil an tAire ag iarraidh a rá liom gur chóir don Údarás, i dtosach na bliana, moill a chur ar rudaí a bhí ar siúl ag an am sin le fostaíocht a chur ar fáil? Más mar sin atá an cás tá an tAire tar éis íobairt iomlán a dhéanamh ar fhostaíocht sna Gaeltachtaí.

Tá a fhios ag an Teachta é féin go raibh an tÚdarás i gcónaí ag cur brú maidir le hairgead breise a fháil. Tharla sé nuair a bhí sé féin ina Aire Airgeadais. Bhí toscaireachtaí ón Údarás ag iarraidh breis airgid, agus ní seo an chéad uair a bhí ganntanas ar an Údarás.

Top
Share