Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1988

Vol. 382 No. 10

Written Answers. - Poist Nua i nGaeltacht Ciarraí.

53. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid post nua atá curtha ar fáil i gCiarraí thiar ag Udarás na Gaeltachta sa bhliain 1987.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 92 phost nua i nGaeltacht Chiarraí i 1987 i dtionscail a fuair cúnamh uathu nó ó Ghaeltarra Éireann agus, tar éis líon na bpost a cailleadh i rith na bliana sin a áireamh, go raibh glánmhéadú de 15 (i.e. ó 334 go dtí 349) i líon na bpost lánaimseartha sna tionscail sin ag deireadh 1987 in gcomparáid le deireadh na bliana 1986.

Is do na limistéir Ghaeltachta in iomlán in aon chontae is gnách figiúirí fostaíochta a fhoilsiú.

Top
Share