Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £15,023,000 chun íochta an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníochta i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1988, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.