Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Oct 1988

Vol. 383 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Employment Protection.

4.

asked the Taoiseach the measures it is intended to take to protect the employment of 96 workers at a company (details supplied) in County Mayo; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil cinneadh déanta ag príomhaithe an tionscail an gnó a dhúnadh d'ainneoin tréaniarrachtaí an Údaráis chun a chur ina luí orthú é a choimeád ar siúl.

Tá gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás i gcomhairle leis an Údarás Forbartha Tionscail chun tionscal nó tionscail eile a aimsiú d'fhonn fostaíocht a chur ar fáil don fhoireann.

I am aware of the Minister's personal interest in this matter. Is he aware that the workforce have been instructed that they will be paid off on 3 November? In that context, will the Minister say if the task force being set up by Údarás has been given Government authority and every resource to seek out an alternative buyer for this plant? Are the IDA involved in that area at the present time?

Mar atá fhios ag an Teachta tá gach iarracht á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta tionscal eile a fháil do Bhéal na Mhuirthead. Tá siad ag iarraidh cabhair ar an IDA chomh maith, mar tá gá le postanna anseo; tá an imirce ag cur isteach go mór ar an áit agus tá siad ag súil go mbeidh postanna á gcur ar siúl chomh luath agus is féidir.

It appears as if this is nothing short of industrial blackguardism by the company involved. Will the Government declare this blackest of black spots in terms of emigration and unemployment to be a priority area for industrial activity by Údarás na Gaeltachta in the times ahead, and will he see to it as Minister of State at the Department of the Taoiseach that the Údarás are given every possible resource in order to secure and maintain the jobs of the 96 to 99 workers there at the present time?

Tuigeann an Taoiseach agus Roinn na Gaeltachta agus an tÚdarás na deacrachtaí atá ansin ó thaobh fostaíochta. Tá gach iarracht á dhéanamh tionscail a mhealladh isteach chomh luath agus is féidir.

Tuigeann an tAire Stáit an tábhacht atá le tionscail san cheantar speisialta Gaeltachta seo, agus an aontódh sé go mbeidh sé níos deacra ag an Údarás san bhliain atá romhainn airgead a chur ar fáil do thionscail agus go mór mhór an tionscal speisialta seo de thairbhe an gearradh siar mór atá i Meastacháin an Údaráis do 1989, gearradh siar de 13 faoin gcéad?

Má bhacaimid leis na ráitis atá ag teacht ó na daoine atá ag caint thar ceann Pháirtí Fhine Gael maidir leis na Meastacháin, tá siad ag rá nach bhfuilmid ag déanamh ar sáith giorraithe. Tugadh £3 mhilliún don Údarás le gairid le teacht i gcabhair orthu le tuilleadh postanna a chur ar fáil agus tá mé cinnte go bhfeicfimid postanna á gcur ar fáil anseo chomh luath agus is féidir.

Top
Share