Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Nov 1988

Vol. 383 No. 8

Written Answers. - Ríomhairí in Iarbhunscoileanna.

13. D'fhiafraigh

, den Aire Oideachais cá mhéad ríomhaire a cuireadh ar fáil le cúnamh óna Roinn le 10 mbliana anuas (a) do bhunscoileanna agus (b) do iar-bhunscoileanna; nuair a bhí siad á roghnú ar cuireadh na fadhbanna a bhaineann leis an Ghaeilge agus ceist an tsínidh fhada san áireamh; agus cá mhéad de na ríomhairí a ceannaíodh a raibh an cumas sin acu.

Ó 1981 i leith cuireadh áiseanna ríomhaireachta ar fáil le cúnamh na Roinne Oideachais, i geás 814 iarbhunscoil. Chuir mo Roinn ríomhaire ar fáil do fiche bunscoil atá suite ach go háirithe sna ceantair faoi mhí-bhuntáiste.

Ar nós tíortha eile na hEorpa glacadh leis na heochairfhocail i mBéarla sa bhliain 1980 nuair a tosaíodh ar ríomhairí a sheoladh chuig scoileanna ar dara leibhéal. Ag an am sin, freisin, ní raibh próiseálaí focal sásúil ar fáil agus mar sin ní raibh cás an tsínidh fhada práinneach.

Anois is féidir déileáil leis an síneadh fada sa tslí céanna agus a chleachtar i gcás na gcomharthaí sa Fhraincis, mar shampla.

Top
Share