Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Nov 1988

Vol. 383 No. 8

Written Answers. - Íocaíochtaí faoi Scéimeanna sna Meastacháin.

68. D'fhiafraigh

den Taoiseach an dtabharfaidh sé gach mioneolas faoin méid a íocadh leo siúd a ghlac cúnamh faoin bhFo-mhírceann "E" de na meastacháin dá Roinn i 1987 agus i 1988 chun dáta.

69. D'fhiafraigh

den Taoiseach an dtabharfaidh sé gach mioneolas faoin méid a íocadh leo siúd a ghlac cúnamh faoin bhFo-mhírcheann "F" de na meastacháin dá Roinn i 1987 agus i 1988 chun dáta.

Tógfaidh mé Ceisteanna 68 agus 69 le chéile.

Bheadh mórchuid oibre ag gabháil le sonraí a bhaint amach do gach íocaíocht a rinneadh as fomhírchinn E agus F de Vóta na Roinne i 1987 agus i 1988 go dáta agus ba leasc liom obair mar sin a chur á déanamh gan léargas a fháil ar an tábhacht speisialta a bhainfeadh leis an mioneolas.

Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil deontais mar seo a leanas íoctha ag mo Roinn sa tréimhse sin as na fomhírchinn sin:

1987

1988 (go 31 Deireadh Fómhair)

E. Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht

£

£

Bóithre

213,669

3,000

Uisce agus séarachas

552,301

3,210

Muiroibreacha

199,333

128,687

Forbairt chomharchumann

393,687

234,655

Hallaí agus Coláistí Gaeilge

107,600

28,525

Cóiríocht saoire

13,100

5,000

Saoráidí ilghnéitheacha

62,570

37,700

An tIomlán

1,542,260

440,777

F. Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta

Tuismitheoirí nó caomhnóirí daltaí áirithe arb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh acu

69,360

61,010

Scéim Spreagtha na Gaeilge i dTithe Cónaithe Nua

3,400

2,800

Lucht íostais a choinníonn foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge

1,156,950

1,059,152

Tréimhseacháin Ghaeilge agus nuachtáin le nuacht reatha i nGaeilge

170,984

152,785

Comhaltas Ceoltóirí Éireann

130,000

130,000

Seirbhísí ilghnéitheacha

137,141

67,360

An tIomlán

1,667,835

1,473,107

Top
Share