Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Nov 1988

Vol. 384 No. 3

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uair atá sé ar intinn aige cathaoirleach a cheapadh do Bhord na Gaeilge agus na folúntais eile ar an mbord a líonadh.

Tá ceist na gceapachán sin á meas faoi láthair agus déanfar cinneadh ina dtaobh a luaithe is féidir.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, tá roinnt folúntas ar Bhord na Gaeilge i láthair an huaire agus na cúig bhall ag éirí as roimh a dtéarma a bheith caite. Bhí cuid acu ag déanamh ionadaíochta ar an Roinnn Oideachais, ar Chumann Lúthchleas Gael, na ceardchumainn agus ar Ghael-Linn. An bhfuil sé ar intinn ionadaithe ó na heagraíochtaí seo a cheapadh nuair a bheidh na ceapacháin le hathdhéanamh? Agus, uimhir a dó, an bhfuil aon phleananna ag an Taoiseach é féin agus Aire na Gaeltachta casadh ar an chathaoirleach úr agus ar an bhord úr nuair a bheas siad ceaptha?

Mar a dúirt mé leis an Teachta, tá ceist na gceapachán á plé i láthair na huaire agus is dócha nuair a bheidh an bord úr tofa go mbeidh deis acu bualadh le hAire na Gaeltachta.

Top
Share