Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Nov 1988

Vol. 384 No. 3

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Udarás na Gaeltachta.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhféadfadh sé míniú a thabhairt ar an treoir-litir a seoladh ón a Roinn chuig Údarás na Gaeltachta maidir le roghnú agus ceadú tionscnamh as Meastacháin 1989.

Cuireadh scéal oifigiúil chuig an Údarás an mhí seo caite maidir leis an soláthar airgid a bheadh ar fáil don eagraíocht sa bhliain 1989 agus faoi mar a tharlaíonn gach bliain leagadh síos coinníollacha maidir le srian a chur ar ghealltanais.

Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit, mar a aontaíonn an chuid eile againn a bhfuil eolas againn ar an Údarás agus an obair atá déanta acu, go bhfuil an-obair déanta sna Gaeltachtaí ó bunaíodh iad i 1979, ag cruthú fostaíochta. Ach ón samhradh seo caite is beag tionscnamh atá ceadaithe ag an Údarás, agus tá a fhios agam nár cheadaigh siad, chomh fada agus is eol dom, oiread agus tionscnamh amháin úr faoi choinne fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht le beagnach sé mhí anuas. An aontaíonn an tAire gur mar sin atá an cás? An cruinniú deireanach a bhí ag an Údarás, tuigim go raibh cúpla scór tionscnamh le ceadú acu agus daoine sna Gaeltachtaí ag fanacht le focal arbh fhéidir leo dul ar aghaidh. An bhféadfadh an tAire a insint dúinn cén uair atá sé ag súil le cinneadh deimhneach cinnte a fháil ón Údarás. Tá sé ag éirí mífhoighdeach agus amhrasach.

Tá cuid mhaith á rá ag an Teachta faoin obair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta. I bhfocal amháin tá sé á moladh agus ansin á gcáineadh sa mhéid is go bhfuil sé ag rá nach bhfuil airgead á chur ar fáil dóibh. Ní dhéanann sé tagairt ar bith don trí mhilliún punt breise a cuireadh ar fáil don Údarás ag deireadh na bliana seo leis na tionscail atá réitithe acu a chur chun tosaigh. Chuala mé chomh maith é ag déanamh tagairt do litir phríobháideach a fuair príomhfheidhmeannach an Údaráis, cibé áit a bhfuair sé an t-eolas sin, maidir leis na pleananna i gcomhair na bliana seo chugainn. Ach, mar atá ráite agam anseo cheana, ní loicfear ar an Údarás maidir le hairgead a chur ar fáil dóibh le forbairt tionsclaíochta a dhéanamh ar fud na nGaeltachtaí ar fad.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire go bhfuil mé ag moladh an Údaráis, mar a mhol mé iad anseo go minic cheana, ach tá mé ag cáineadh an Rialtais as an neamart atá á dhéanamh acu, agus tá difear idir an tÚdarás agus an Rialtas. An bhfuil sé ar eolas ag an Aire cén uair a bheidh siad in ann cinneadh a dhéanamh ar na hiarratais atá istigh i láthair na huaire? Agus, an dara pointe a ba mhaith liom a dhéanamh, an bhfuil sé ar eolas ag an Aire nach bhfuil sé ar chumas Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire fiú amháin deontas traenála a íoc mar a íocann gach eagraíocht fostaíochta eile ar fud na tíre agus go bhfuil tionsclóirí sa Ghaeltacht a mheasann go gcaithfidh siad dúnadh síos ag deireadh na bliana murar féidir leis an Údarás deontas traenála a íoc leo?

Níl an Teachta ag cuidiú leis an Údarás san obair atá ar siúl aige. Má tá sé ag labhairt thar ceann mhuintir na Gaeltachta tá sé ag cur bac ar dhaoine sa Ghaeltacht a dhul chuig an Údarás le cuidiú a fháil. Sin an rud atá ar siúl ag an Teachta, agus ní ceart dó bheith ag dul thart leis an gcaint seo. Fuair siad trí mhilliún punt cúpla mí ó shin le cuidiú leo tuilleadh tionscal a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, agus tiocfaidh an Rialtas i gcabhair orthu má iarrann siad an t-airgead orthu; má tá tionscail ag teacht chuig na Gaeltachtaí agus má tá airgead ag teastáil uathu le haghaidh na dtionscal sin tabharfaidh an Rialtas an t-airgead sin dóibh, mar atá déanta acu i mbliana agus mar a rinne siad cheana.

Cén uair a bheidh an tAire Stáit ábalta cinneadh a dhéanamh nó cead a thabhairt do na tionscnaimh atá istigh? Dúirt an tAire gach rud ach níor thug sé freagra ar an cheist. Sheachain sé freagra a thabhairt, agus taispeánann sin cad é chomh lag agus atá an cás atá ag an Aire Stáit. Ba mhaith liom freagra uaidh. An féidir leo é a dhéanamh ag an chéad chruinniú boird eile nó nach féidir?

Tá an Teachta seo ag teacht isteach anseo go síoraí ag rá nach bhfuil a sáith airgid le fáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá an t-urlabhraí airgid atá ag a pháirtí ag rá nach ndearna an Rialtas leath a sáith giorruithe le gairid nuair a bhí siad ag cur a Meastachán os comhair an phobail. Anois, ní thig leis a bheith ar dhá thaobh an chlaí. Tá airgead le fáil ag an Údarás le cinneadh a dhéanamh ar thionscal ar bith a bhfuil tábhacht leis sa Ghaeltacht. Tá sé sin cruthaithe againn. Fuair siad trí mhilliún punt le gairid le cinnidh a dhéanamh, agus beidh siad in ann an obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta má thagann tionsclaithe isteach sa Ghaeltacht, rud nach ndéanfaidh siad má bhíonn siad ag éisteacht ro-mhinic leis an Teachta McGinley.

An bhfuil an tAire ag rá sa mhéid a dúirt sé anois, os rud é go bhfuil an leibhéal dífhostaíochta chomh hard sin sna ceantair Ghaeltachta, nach gcaillfear seans postanna nua a chur ar fáil nó nach gcaillfear tograí nua de bharr na litreach seo nó de bharr easpa airgid chun na deontais a íoc? An é sin an rud atá an tAire a rá leis an Teach anois? Glacaimse leis go mbeadh sé sin sásúil, má tá sé sin fíor.

Bhí easpa airgid ar an Údarás i gcaitheamh na bliana seo. Chuir siad iarratas isteach ar bhreis airgid a fháil agus fuair siad £3 mhilliún ón Rialtas le breis fostaíochta a chur ar fáil. Má tharlaíonn sé go mbíonn ganntanas airgid ar an Údarás in am ar bith le tionscail mhaithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht tabharfaidh an Rialtas agus an Roinn Airgeadais cead dóibh an t-airgead sin a chur ar fáil le postanna a chruthú do mhuintir na Gaeltachta, mar atá déanta acu riamh.

Top
Share