Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Nov 1988

Vol. 384 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Soláthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil fiosrú ar bith déanta ag a Roinn maidir le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge (a) sa Ghaeltacht (b) sa chuid eile den tír; agus cén dul chun cinn atá déanta ó shin i leith.

Maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta fuarthas tuarascáil i dtaobh na ceiste sin tamall ó shin ó choistí a bhunaigh Aire na Gaeltachta i 1985. Oifigigh áitiúla de chuid Ranna Stáit agus eagras stáit go príomha a bhí ar na coistí sin agus bhíothas ar aon fhocal ina dtuarascáil ó thaobh tátal agus moltaí.

Tá cóip den tuarascáil curtha agam chuig gach Aire agus tá iarrtha orthu feidhm a thabhairt do mholtaí na tuarascála. Iarradh ar na hAirí freisin gach dícheall a dhéanamh chun feidhm a thabhairt sna Ranna Stáit agus sna hoifigí/eagrais faoina scáth do threoirlínte a eisíodh i 1985 maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar don mhórphobal.

Ainmneoidh gach Roinn oifigeach sin-sireach chun cúram a ghlacadh as feidhmiú moltaí na tuarascála thuasluaite agus chun féachaint chuige go gcloítear leis na treoirlínte atá luaite agam.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an bhfuil sé ar intinn athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar trí na moltaí seo a chur i bhfeidhm agus (2) an bhfuil sé nó an mbeidh sé ar intinn ag an Rialtas tuairisc a fhoilsiú ar an dul chun cinn de réir mar atá sé ag dul ar aghaidh?

Is féidir a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, agus go mórmhór ag na comhairlí áitiúla. Sílim go bhfuil an-dul chun cinn déanta ansin. Níl maith ar bith moltaí den chineál seo a chur chuig Aire Stáit agus é a fhágáil mar sin, agus beidh gá le fáil amach ó am go ham cad tá ag tarlú agus cad é an feabhas atá ag teacht ar chúrsaí.

An bhfuil aon choiste idir-Ranna a dhéanfas cinnte de go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm? An bhfuil aon chéimeanna á dtabhairt faoi choinne cinnte a dhéanamh de go gcuirfear na moltaí i bhfeidhm?

Ní shílim go bhfuil aon rud á leagan amach ar an mbealach den chineál atá luaite ag an Teachta.

Top
Share