Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Nov 1988

Vol. 384 No. 8

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Bóithre Áise Ghaeltacht Dhún an nGall.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid a cuireadh ar fáil óna Roinn i mbliana do bhóithre áise i nGaeltacht Dhún na nGall; agus cad iad na bóithre ar caitheadh an t-airgead orthu.

Tá cúnamh £46,950 ceadaithe ag mo Roinnse chun bóithre a fheabhsú nó a dheisiú i nGaeltacht Dhún na nGall i mbliana agus tá £3,000 íoctha go dtí seo. Cuirfear liosta de na bóithre i gceist timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Bóthar

Deontas

£

1. Bóthar áise ón mbóthar contae ag Léim a Ghadhra, ar aghaidh go Mínte Seasc agus ar chlé go cairéal an Uasail Aodh Ó Gaibheagáni Loch na Luachraman.

4,000

2. An bóthar go dtí Sliabh Liag ón mbóthar contae ag Baile Mór, Teileann.

3,500

3. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Seascann na Rón go dtí tithe Uí Dhomhnaill (Inisfree House) agus Uí Mheallaigh.

1,000

4. Bóthar portaigh an tSlaocháin. Ó theach Mhic Giolla Bhríde go portaigh Uí Rabhartaigh.

1,500

5. Bóthar ceangail ón nGlaiseach (ag siopa Uí Fhearraigh) go bóthar an Ghleanna.

3,000

6. An bóthar áise go 4 theach ag 42 Rann na Feirste. (Eamon Mheídí agus rl).

1,000

7. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Caiseal, Gort a Choirce go dtí tithe na nUasal Ruairí Mac Monagail agus Caoimhín Mac Monagail.

1,000

8. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Brocach go dtí tithe Uí Earcáin, Uí Chomhaill agus Uí Dhomhnaill ag Brocach Uacht.

2,000

9. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Sraith na Sagairt, Dubhchoradh, go tithe Uí Cheallbhuí agus Uí Luadhóige go Béal an Átha Bhuí.

1,500

10. An bóthar áise ón mbóthar contae go Mín a Chladaigh Íocht go tithe Uí Dhugáin, Uí Dhubhcháin, Mhic Pháidín agus Uí

800

11. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Cró na gCúig Fhia go teach an Uasail Niall Mac Aodha agus teach eile.

700

12. Bóthar contae ag Port Uí Choirreáin a chríochnú.

2,000

13. An bóthar in aice le Séipéal Cheann Caslach a dheisiú agus a tharráil.

1,250

14. An bóthar contae ó Mhachaire Míolainn go Cé Fálcorrib a dheisiú.

1,500

15. Bóthar portaigh ag Mín a Droighin agus Diamond.

2,000

16. Bóthar áise ón mbóthar contae ag Crickamore go dtí teach an Uasail Antaine Mac Suibhne.

750

17. An bóthar áise ón mbóthar contae ag Céideadh go teach an Uasail Mánus Mac Cóill.

750

18. Bóthar portaigh “Mountjoy”.

2,000

19. An bóthar ag Sraith Buí, Gleann Cholm Cille go tithe an Uasail D. Mac Giolla Chearra agus daoine eile.

2,000

20. An bóthar ag Mín na Giolla, Gleann Choluim Cille go tithe na nUasal A. Ó Baoill agus P. Mac Giolla Easpaig.

2,000

21. Bóithre Árainn Mhór.

5,000

22. An bóthar ag Ceann Mhucrois Cill Chártha (damáiste stoirme ó mí Feabhra seo caite).

3,000

23. Bóthar go dtí teach Uí Fhearraigh agus trí theach eile ag Dún Lúiche.

1,000

24. Bóthar triantánach ag barr bhóthair na bearaice, An Clochán Liath.

700

25. An bóthar isteach go dtí an mhonarcha ag an Mín Mór.

3,000

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cén uair a chaithfidh an obair ar na bóithre a bheith déanta? An bhfuil aon teorainn ama chun an obair a dhéanamh?

De ghnáth bímid ag súil go mbeadh an obair déanta i rith na bliana reatha, nuair atá an t-airgead curtha ar fáil. Níl a fhios agam an mbeimid in ann é sin a chríochnú i mbliana, ach beidh sé á dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire cén fáth a bhfuil sé chomh deireannach ag déanamh cinneadh faoi chaitheamh an airgid seo do bhóithre áise sna ceantair Ghaeltachta, os rud é nach bhfuil ach cúig nó sé seachtainí fágtha sa bhliain anois. Nuair a thógann tú laethanta saoire amach as sin is beag am atá ann chun an t-airgead a chaitheamh agus na bóithre a dheisiú. An bhfuil sé i gceist aon chuid den airgead seo a chur ar fáil le bóithre nach bóithre áise iad?

Is é an deacracht atá ann go mbíonn comhairlí contae eile nach bhfuil sásta meastacháin a chur isteach, agus is í contae na Gaillimhe ceann de na contaetha atá i gceist anseo. Tá comhairlí eile atá sásta na meastacháin a chur isteach, agus féachaimid ansin leis an airgead a chur amach ag an am céanna. Tá contaetha áirithe agus d'fhéadfadh an obair a bheith críochnaithe dá mba rud é gur glacadh na meastacháin a cuireadh isteach. Tá cúpla cás ar chuireamar airgead ar fáil le haghaidh bhóithre contae, áit a raibh na bóithre sin go dona, agus rinneamar cinneadh leis na comhairlí contae maidir leis na bóithre sin, agus shíleamar go raibh sé ar mhaithe le muintir na Gaeltachta san áit a ndearnadh an cinneadh sin.

Cén áit ar tugadh airgead le haghaidh bhóithre contae?

Tá ceann amháin a dtig liom cuimhneamh air. Sin Bóthar na Loinge thiar i gConamara. Chuir an chomhairle chontae suim áirithe ar fáil agus thug Roinn na Gaeltachta tacú sa mhéid a caitheadh ar an mbóthar sin.

Top
Share