Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Nov 1988

Vol. 384 No. 8

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Plean Forbartha do Oileán Thoraí.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil plean forbartha curtha ar fáil dá Roinn maidir le hOileán Thoraí; cad iad na gnéithe is tábhachtaí sa phlean agus cad iad na socruithe atá déanta ina dtaobh go dtí seo.

Tá plean forbartha a d'ullmhaigh Comhair Thoraí Teoranta faighte ag mo Roinnse agus tá na tograí a luaitear ann fós á meas.

An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl go díreach an uair a cuireadh an plean ar fáil dá Roinn agus, uimhir a 2, cén uair a bheidh sé ag súil le cinneadh maidir leis an phlean; agus, ina thuairim cad é an pháirt is tábhachtaí sa phlean? Mar is cuimhin leis an Aire, chas sé le Comharchumann Thoraí i dTír Chonaill breis agus bliain ó shin, agus tá tamall fada imithe ó shin agus is beag atá déanta.

I mí Dheireadh Fómhair 1987 a cuireadh na pleananna os ár gcomhair, agus an dá phríomh rud a bhí sa phlean sin, mar atá a fhios ag an Teachta, piara a chur ar fáil agus aerstráice. Tá pleananna maidir leis an gcéibh a bhfuil cineál easaontais fúthu. Síleann muintir na háite gur cheart plean faoi leith a chur ar fáil. Fuair siad innealtóir ó Albain, mar atá a fhios ag an Teachta, le scrúdú a dhéanamh ar phlean eile agus dúirt sé go gcosnódh sé thart ar £850,000. Níl Roinn na nOibreacha Poiblí ag tacú leis sin. Deir siad go gcosnódh sé i bhfad níos mó ná sin. Tá an rud ar fad á phlé i láthair na huaire. Maidir leis an aerstráice, bhí ceist talaimh ann. Ní raibh réiteach faighte ar cé ar leis an talamh, agus choinnigh sé sin siar muid maidir leis an aerstráice. Ach sin iad an dá phríomh rud a bhí i gceist. Ar ndóigh, mar atá a fhios ag an Teachta, tugadh cead don chomhairle chontae dul ar aghaidh le scéim tithíochta don oileán.

An dtuigeann an tAire an géarghá le socrú go luath? Ar chas sé le haon dream ó Thoraí leis an cheist a phlé, agus an bhfuil aon iarrachtaí á ndéanamh maidir le comhréiteach sa dóigh gur féidir dul ar aghaidh leis an phlean?

Tá sé i gceist oifigeach de chuid na Roinne a chur isteach san oileán leis an gceist a phlé. Tá an dá mhír den phlean faoi chaibidil le tamall agus tá sé i gceist go gcuirfear oifigeach de chuid na Roinne chun an oileáin leis an gcuid eile den phlean a phlé. Ní bhfuaireamar aon phlean ón gcomharchumann iad féin maidir leis an gcuid eile den phlean ar fad. Sílim gur shíl siad gurbh fhéidir gur leor é a chur os ár gcomhair, ach níor chuir siad aon rud isteach maidir le meastachán nó costais leis an gcuid eile den phlean atá réitithe acu. Bhí deacracht chomh maith maidir le bainistíocht ansin, agus chuir sé sin isteach ar chúrsaí.

An bhfuil an Roinn ag iarraidh orthu meastacháin a chur isteach láithreach?

Mar atá a fhios ag an Teachta é féin, scéim ar bith a thiocfas os comhair na Roinne caithfidh an meastachán a chur isteach agus costais agus mar sin a lua. Níor tharla sé sin go fóill, gur chuir siad mionphlean ar bith os ár gcomhair maidir leis an gcuid eile den scéim seo atá leagtha amach acu.

Top
Share