Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Dec 1988

Vol. 385 No. 2

Written Answers. - Deontas do Theach Gaeltachta.

69. D'fhiafraigh

den Taoiseach an mbeadh sé sásta deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a íoc le duine (sonraí tugtha) i gContae an Gaillimhe a bhfuil teach á thógáil di ag a hathair, nach bhfuil ina chonraitheoir.

Ní bhfuarthas iarratas ar dheontas ón duine sin. Ag féachaint dó gur gá, áfach, faoi na socruithe atá i bhfeidhm anois, uimhir cánach an chonraitheora a dhéanfadh na hoibreacha a thabhairt sula bhféadfar glacadh le hiarratas ar chúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), ní bheifí ábalta deontas a cheadú sa chás sin.

Top
Share