Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Dec 1988

Vol. 385 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilseacháin agus Eagrais Ghaeilge.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad iad na tréimhseacháin Ghaeilge a gcuireann a Roinn cúnamh airgid ar fáil dóibh.

10. D'fhiafriaghMr. McGinley den Taoiseach cad iad ne heagraíochtaí Gaeilge a gcuireann a Roinn cabhair airgid ar fáil dóibh.

Tógfaidh mé ceisteanna 9 agus 10 le céile. Tá an t-eolas i dtaobh na bhfoilseachán agus na t-eolas i ar leith i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil.

Seo é an tábla: Tugtar cúnamh airgid do na foilseacháin agus na heagrais Ghaeilge seo a leanas:

(a) Foilseacháin:— Agus; An Gael Óg; Anois, An Sagart; An Timire; An tUltach; Comhair; Feasta; Tír na nÓg.

(b) Eagrais Ghaeilge:— Bord na Leabhar Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Gael-Linn; Conradh na Gaeilge; An tOireachtas; Cumann na bhFiann; An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta; Taibhdhearc na Gaillimhe; Amharclann Ghaoth Dobhair; An Gael-Acadamh; Oidhreacht Thír Chonaill.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an bhfuil aon tréimhseacháin a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht ag fáil cabhair ón Roinn? Chomh maith leis sin, an bhféadfadh sé a chur in iúl an bhfuil aon iarratas istigh ag eagras a dtugtar Gaeil Uladh orthu chun cabhair a fháil, agus an bhfuil aon socrú déanta maidir leis an iarratas?

Níl mé lánchinnte an bhfuil aon iarratas istigh ag Gaeil Uladh, ach ní shílim go bhfuil siad i measc na dtréimhseachán nó i measc na ndreamanna atá ag fáil cuidiú i láthair na huaire ó Roinn na Gaeltachta. Níl aon dream, taobh amuigh, b'fhéidir de Amharclann Ghaoth Dobhair agus Taibhdhearc na Gaillimhe. Sílim gurb shin iad an dá cheann Gaeltachta atá ag fáil cuidiú ó Roinn na Gaeltachta.

Top
Share